Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Le craoladh 9.30pm, Dé Céadaoin, an 4 Meán Fómhair ar TG4

THE IRISH DERBY - Níos Mó Ná Rása

26.08.19

Clár faisnéise é The Irish Derby – Níos Mó Ná Rása a thabharfaidh tuiscint agus léargas ar leith ar an rás ó bunaíodh é in 1866 go dtí go an lá atá inniu ann, tráth a bhfuil sé ina imeacht mór idirnáisiúnta.

Chomh maith le léargas a thabhairt ar imeachtaí móra a thit amach i stair na hÉireann, tabharfaidh an clár “THE IRISH DERBY– Níos Mó Ná Rása” tuiscint don lucht féachana ar cheann de na traidisiúin spóirt is mó in Éirinn – Dearbaí na hÉireann ó bunaíodh é i 1866 go dtí go raibh sé ar cheann de rásaí is mó ar fud an domhain a mheall maithe agus móruaisle na rásaíochta. Tugadh cead isteach do lucht déanta an chláir go dtí ráschúrsa an Churraigh féin agus chuig graíonna agus beidh píosaí scannánaíochta cartlainne le feiceáil mar chuid den chlár faisnéise uair an chloig seo a thabharfaidh léargas ar an ráschúrsa mar a bhí agus an ráschúrsa mar a bheidh nuair a bheidh an infheistíocht athfhorbartha nua, a chosnóidh na milliúin, tugtha chun críche.

Fiosrófar sa chlár na cora cinniúnacha i stair an rása mhóir ina measc Orby, an chéad chapall a bhuaigh Dearbaí Epsom agus Dearbaí na hÉireann i 1907 agus an tionchar a bhí ag Joe McGrath ar an rása agus mar a rinneadh é a athbheochan i 1962, nó go raibh sé ar an rás ba mhó a raibh duaischiste ar fud an domhain. Tabharfar léargas freisin ar chapaill mhóra eile a raibh sciorta den ádh orthu ar an gCurrach – leithéid Galileo, Nijinsky, Shergar, Windsor Slipper agus roinnt eile nach mba amhlaidh an cás acu – Sir Ivor a chaill i 1968 ach a thug brí ina dhiaidh sin don seanfhocal ‘is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin’.
Seo bláise den clár  https://youtu.be/aoe97r05xNE

I measc na rannpháirtithe sa chlár tá na traenálaithe Aidan O’Brien, Charles O’Brien, Dermot Weld, Jim Bolger, John Gosden, John Oxx, Joseph O’Brien agus Michael Stoute, na marcaithe Frankie Dettori agus Seamie Heffernan, na hiarmharcaithe Lester Piggott, Michael Kinane agus Pat Smullen agus John Magnier – ó Ghraí na Cúile Móire. Tá píosaí tairbheacha sa chlár freisin ó Vincent O’Brien.

Is iomaí duine mór le rá a bhíodh ag tarraingt ar an rás, Bing Crosby ina measc. Tá an lá seo ar ráschúrsa stairiúil an Churraigh ar a cheann de na hócáidí is tábhachtaí ar an bhféilire. Rinne an dearthóir faisin mór le rá Ib Jorgensen a chuid féin freisin ó thaobh na téisiúlachta agus chinntigh nach mbeadh an t-éadach céanna ar aon bheirt dá chuid custaiméirí!

Le cúnamh ó Údarás Craolacháin na hÉireann a rinneadh an clár.

Stiúrthóir: Evan Chamberlain

Guthú: An tAisteoir Fionnula Flanagan

Léiritheoir: Bankos Tales Productions

Tá cóip den chlár ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le Linda Ni Ghríofa, Eagarthóir Cumarsáide TG4 linda.ni.ghriofa@tg4.ie 087-9172864

Tuilleadh Eolais:
Linda Ni Ghríofa, Eagarthóir Cumarsáide TG4 linda.ni.ghriofa@tg4.ie 087-9172864

Cuir aithne orainn: