Taithí gan Teorainn | Faisnéis Taisteal | Sraith Teilifíse | TG4 Skip to main content
Menu

Taithí gan Teorainn

     

Fógraíocht

Taithí gan Teorainn 1-4

Rátáil Tuismitheora: G

Rachaidh beirt bhan a bhfuil an-suim i bhfaisean acu - Siobhán Heffernan, 20, as Lios Tuathail agus Aoife Nic an tSaoir, 29, as Béal Feirste - chuig an gCambóid le léargas a fháil ar na coinníollacha oibre a bhaineann le bheith ag obair sa tionscal ansin. Caithfidh siad an chéad dhá lá ag obair i monarcha i Phnom Penh. Monarchana iad seo a fhaigheann obair ar conradh ó na monarchana móra dúshaothair. Caithfidh siad lá eile i gceardlann Tonlé, branda faisin as Meiriceá, a bhaineann leas as an éadach a chaitheann na monarchana móra amach le héadaí thar a bheith faiseanta a dhéanamh as.

Chéad Taispeántas: 1 Lun

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Taithí gan Teorainn

Sa tsraith seo tabharfaidh cócairí, feirmeoirí agus lucht faisin as Éirinn a n-aghaidh thar lear le dul i mbun oibre ina dtionscal féin i gcuid de na tíortha is boichte ar fud an domhain. Ochtar daoine óga as Éirinn a bheidh faoi thrácht agus mairfidh siad agus oibreoidh siad mar a mhaireann agus a oibríonn daoine san India, sa Chambóid, sa Chéinia agus sa Chirgeastáin. Dúshlán intinne agus fisiciúil a bheidh ann dóibh agus meas tú an seasfaidh siad Taithí gan Teorainn?
 

Físeáin ar Fáil