Síolscéalta | Garraí Glas | Bia Orgánach | TG4 Skip to main content
Menu

Síolscéalta

Déar
28.03
     

Sraith ina gcuirfear aithne ar Aonghus, fear atá ag iarraidh
bia a fhás go hinbhuanaithe ina Gharraí Glas i gConamara.

Ag tosú Déardaoin 28.03 @ 8.00pm

Síolscéalta

Sraith ina gcuirfear aithne ar Aonghus Chóil Mhaidhc Ó Coistealbha, fear atá ag iarraidh bia a fhás go hinbhuanaithe ina Gharraí Glas i gConamara. Tá sé ina earrach agus tá Aonghus agus a dheartháir Colm ag réiteach do shéasúr nua sa ngarraí. Baileoidh sé aoileach in éineacht lena chara Micheál do na ceapacha. Cuirfidh sé féin agus a chara, an garraíodóir orgánach Pat Keady, chéad síolta an Earraigh. Cuirfear tús leis an obair chun suíomh a ghlanadh do pholathollán nua le súil go mbeidh sé réidh faoi cheann cúpla mí. Cuideoidh sé le Pat a theach gloine a thógáil i Leitir Calaidh.
 

Físeáin ar Fáil