Seal le Dáithí | Siamsaíocht | Comhrá | Agallamh | Dáithí Ó Sé Skip to main content
Menu

Seal le Dáithí

Déar
19:30
     

Clár comhrá arna chur i láthair ag Dáithí Ó Sé.
Déardaoin @ 19:30

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Is é Jamie Wall aoi na seachtaine seo ag Dáithí Ó Sé. Is cuimhin le Jamie a bheith ag imirt peile sa naíonra i mBaile Gib, Contae na Mí sular athraigh a mhuintir go Corcaigh nuair a bhí sé cúig bliana. Bhí sé ar fhoireann mionúr agus faoi 21 Chorcaí agus bhí an-ghealladh faoi go dtí go bhfuair a dhroim go dona agus chríochnaigh sé i gcathaoir rothaí. Is é Jamie traenálaí fhoireann sinsear iomána Chill Mocheallóg agus bainisteoir fhoireann Choláiste Mhuire gan Smál a bhuaigh Corn Mhic Giobúin.

Chéad Taispeántas: 10 Dfo

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Seal le Dáithí

Dáithí Ó Sé a chuireann an tsraith ‘Seal le Dáithí’ i láthair. Beidh dreas comhrá aige gach seachtain le haoi difriúil a inseoidh scéal a mbeatha dó agus iad ag caitheamh ‘Seal le Dáithí’. I measc na n-aíonna sa tsraith nua beidh Príomhfheidhmeannach Trócaire, Príomhfheidhmeannach Institiúid Margaíochta na hÉireann, cumadóirí is scríbhneoirí, amhránaithe, pearsantachtaí spóirt, dornálaí a bhfuil bonn Eorpach buaite aige atá ag díriú ar na Cluichí Oilimpeacha, oiliúnóir gairmiúil i scileanna sléibhe agus iar-Aire Stáit atá anois ina shagart.
 
Caoimhe de Barra – Déardaoin @ 19:30
Is í Caoimhe de Barra aoi na seachtaine seo ag Dáithí Ó Sé. Is í Caoimhe príomhoifigeach feidhmiúcháin Trócaire, an chéad bhean riamh sa phost sin. Is as Baile an Mhanaigh, Baile Átha Cliath di agus bhain sí céim amach sa mhargaíocht in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá am caite aici san Áise agus d’oibrigh sí san Eoraip sular thug sí faoi Mháistreacht i Staidéar Forbartha sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath. Tá sí ag obair le Trócaire le 18 mbliain anois agus creideann sí go láidir i misean and luachanna na heagraíochta.

 

Físeáin ar Fáil