Sé Mo Laoch | Ceoltóirí Éireannach | Laochra Ceol | TG4 Skip to main content
Menu

Sé Mo Laoch

     

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Is é an t-ealaíontóir, ceoltóir agus fear tionlacain Alec Finn a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Ealaíontóir cáilithe é Alec Finn a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí an bhanna De Dannan. Is de bhunú Yorkshire, Shasana é ach tháinig sé go hÉirinn san 60aidí. Trína chruthaitheacht agus a dhlúththuiscint, mhúnlaigh sé áit dó féin i saol an cheoil thraidisiúnta in Éirinn áit ar cheap sé stíl tionlacain agus rithimí nár chuala aon duine cheana roimhe ach a bhfuil an traidisiún níos saibhre anois dá bharr. I measc na rannpháirtithe ar an gclár beidh Eleanor Shanley, Mary Bergin, Seán Ryan agus Frankie Gavin ar an gclár chomh maith.

Chéad Taispeántas: 11 Sam

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Sé Mo Laoch

Sraith nua.
Sraith faisnéise ceoil ina dtráchtfar ar shaol agus ar shaothar mhórlaochra an cheoil agus na hamhránaíochta traidisiúnta in Éirinn. I measc na n-aíonna a chuirfidh cláir na sraithe seo i láthair beidh Matt Molloy, Maighréad & Tríona Ní Dhomhnaill, Alec Finn, Sarah Ghriallais, Arty McGlynn, Frankie Gavin, Mary Bergin, Máirtín O’Connor, Dolores Keane agus Joe Burke.


Frankie Gavin Frankie Gavin
Frankie Gavin, duine de na ceoltóirí traidisiúnta is aitheanta in Éirinn, is ábhar don chlár seo. Tráchtfar ar shaol Frankie, duine de bhunaitheoirí an ghrúpa cheannródaíoch De Danann agus fear atá ina ambasadóir iontach don cheol traidisiúnta pé áit a bhfuil sé ar fud an domhain. Óna óige faoin tuath i gCo. na Gaillimhe, a chuid oideachais i gcathair na Gaillimhe agus stáitsí móra an domhain ina dhiaidh sin, roinnfidh Frankie a scéal féin, a shaol agus a chuid ceoil ar an bhfidil agus ar an bhfeadóg mhór linn. I measc na n-aíonna ar an gclár beidh Mary Bergin & Máirtín O’Connor.


Matt Molloy Matt Molloy
Tá ardmheas ar Matt Molloy, duine de na fliúiteadóirí is mó cáil ó thaobh an cheoil thraidisiúnta. Fear é a bhfuil tuiscint agus máistreacht aige ar an gceol agus ar an uirlis. D’éirigh sé as a phost le hAer Lingus nuair a bhí sé an-óg agus riamh ó shin tá a shaol caite aige ag ceol ar fud an domhain. D’fhan sé dílis don traidisiún as ar tháinig sé. Seo scoth a chuid ceoil agus a scéal féin ina chuid focal féin.


Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill
Beirt deirfiúracha as Co. na Mí ach de bhunú Rann na Feirste i nDún na nGall, Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill, a bheidh ar an gclár seo. Tá cáil orthu féin agus ar a gcuid ceoil ar fud an domhain agus is iomaí amhrán, atá i mbéal an phobail anois, a bheadh caillte murach iad, amhráin a fuair na deirfiúracha óna ndúchas. I measc na rannpháirtithe beidh Paddy Glackin, Dónal Lunny & Moya Brennan.


Arty McGlynn Arty McGlynn
Clár faoi Arty McGlynn, an ceoltóir aitheanta as Tír Eoghain. Chaith Arty tréimhse ag casadh in éineacht leis na seó-bhannaí chomh maith le bheith ina stiúrthóir ceoil ag Van Morrison. Tá ceol taifeadtaí aige in éineacht le Paul Brady agus The Clancy Brothers agus d’oibrigh sé le laochra móra ceoil na linne ag cruthú, ag stiúradh agus ag taifeadadh ceoil in iliomad stíleanna. Tá cruthaitheacht ar leith ag baint lena chuid ceoil a théann i bhfeidhm ar chuile dhuine a bhíonn ag éisteacht leis.


Alec FinnFéach Anseo
Is é an t-ealaíontóir, ceoltóir agus fear tionlacain Alec Finn a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Ealaíontóir cáilithe é Alec Finn a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí an bhanna De Dannan. Is de bhunú Yorkshire, Shasana é ach tháinig sé go hÉirinn san 60aidí. Trína chruthaitheacht agus a dhlúththuiscint, mhúnlaigh sé áit dó féin i saol an cheoil thraidisiúnta in Éirinn áit ar cheap sé stíl tionlacain agus rithimí nár chuala aon duine cheana roimhe ach a bhfuil an traidisiún níos saibhre anois dá bharr. I measc na rannpháirtithe ar an gclár beidh Eleanor Shanley, Mary Bergin, Seán Ryan agus Frankie Gavin ar an gclár chomh maith.


Sarah GhríallaisFéach Anseo
Sarah Ghriallais as Muiceanach idir Dhá Sháile i gConamara is ábhar do chlár na seachtaine seo. Tá cáil uirthi agus ar a muintir as feabhas a gcuid amhránaíochta dúchasaí. Tá Corn Uí Riada, an gradam is airde is féidir le hamhránaí ar an sean-nós a bhuachan, buaite aici agus buaite ag a muintir ocht n-uaire. Tabharfar léargas sa chlár seo ar bhean a bhfuil máistreacht aici ar a ceird, a bhfuil sárcheolmhaireacht agus soiléireacht cantaireachta aici freisin. I measc na n-aíonna ar an gclár beidh Mícheál Ó Conghaile, Lillis Ó Laoire, Meaití Jó Shéamuis, Síle Denvir agus Iarla Ó Lionáird.
 

Físeáin ar Fáil