Scannáin Éireannacha | Scannan ar TG4 | TG4 Skip to main content
Menu

Scannáin Éireannacha

     

Mí an Mhárta, mí na scannán Éireannach ar TG4
When Brendan met Trudy – 16.03 @ 9.15pm

 

 
 

When Brendan met Trudy16.03 @ 9.15pm
Is iad Peter McDonald, Flora Montgomery agus Marie Mullen na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Kieron J. Walsh. Scéal faoi mhúinteoir scoile i mBaile Átha Cliath a thiteann i ngrá le bean óg mhistéireach ar gadaí í is cosúil.
 
A jar with Brendan Behan18.03 @ 9.35pm
Scannán ómóis do Brendan Behan, a scríobh Borstal Boy”, “The Quare Fellow” agus “The Hostage”.
 
The Irish Pub18.03 @ 10.10pm
Is iad Liam Aherne, Willie Aherne agus Bobby Blackwell na príomhaisteoir sa scannán seo faoi stiúir Alex Fegan. Clár ómós ar an teach tábhairne agus na tábhairneoirí a ritheann iad. Sa scannán seo feicimid nádúr na ndaoine agus a dteaghlaigh a ritheann na tithe tábhairne seo thar na mblianta. Feicimid an chairdiúlacht, an sáraíocht agus an chiall a bhíonn i gcroílár an tí tábhairne.
 
Silence23.03 @ 10.45pm
‘Saothar máistriúil’ an cur síos a rinne an Irish Times ar an scannán ‘Silence’ le Pat Collins’, a insíonn scéal Eoghain (ina bhfuil Eoghan Mac Giolla Bhríde), taifeadóir fuaime a fhilleann ar Éirinn den chéad uair le cúig bliana déag, chun tírdhreacha nach bhfuil truaillithe ag fuaimeanna an chine daonna, a thaifeadadh. Tá rianta an bhéaloidis agus na cartlainne le brath go láidir air.
 
Inside I’m Dancing25.03 @ 9.30pm
James McAvoy, Romola Garai agus Steven Robertson na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Damien O’Donnell. Nuair a bhogann Rory isteach i dTeach Cónaithe Carrigmore do Dhaoine faoi Mhíchumas bíonn tionchar mór aige ar an áit. Éiríonn sé mór le Michael, fear óg a bhfuil pairilis cheirbreach air agus a bhfuil an chaint go dona aige. Tuigeann Rory céard a bhíonn sé ag iarraidh a rá agus spreagann é leis an saol mór taobh amuigh den teach cónaithe a fheiceáil.
 
Jump30.03 @ 11.15pm
Scannán é ‘Jump’ le Kieron J. Walsh, faoi cheathrar atá sna fichidí a chastar ar a chéile, oíche chinniúnach Chaille, faoi scáth bhallaí ársa Dhoire – oíche lán de chaint, timpistí agus scéiméireachta a bhíonn inti.
 
Phone Booth01.04 @ 9.30pm
Tá Stuart Shepard faoi choinneáil i mbosca teileafóin ag fear gunna

Físeáin ar Fáil