Ros na Rún | Sobaldráma | Dráma | Sraith Teilifís Éireannach | TG4 Skip to main content
Menu

Ros na Rún

Máir
8.30pm
Déar
8.30pm
     

An Drámaíocht Dúchasach is Fearr!
Tá an oíche caite ag John Joe i gcábán sa chairéal agus tá a shliocht ar a dhroim
Dé Máirt & Déardaoin @ 8.30pm

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Tá díomá ar Frances nach bhfuil aon fhianaise ann a cheanglaíonn Tadhg leis an gcairéal. An bhfuil an ceann is fearr faighte ag Tadhg uirthi nó an éireoidh le Frances fianaise éigin a fháil í féin? Ba mhaith le hÁine dá mbeadh Tadhg agus Katy mór lena chéile arís agus tá plean curtha i dtoll a chéile aici chun sin a dhéanamh. Tá Mo ag súil go mór deireadh a bheith leis an gcóir leighis ach nach bhfaigheann sí drochscéala. An mbeidh Mo in ann leanúint leis an gceimiteiripe?

Chéad Taispeántas: 25 Mfo

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

An Drámaíocht Dúchasach is Fearr!
Tá Ros na Rún ar ais ar ár scáileáin don 23ú séasúr!
 
Déardaoin – 27.09.18 @ 8.30pm
Tá an oíche caite ag John Joe i gcábán sa chairéal agus tá a shliocht ar a dhroim. Téann rudaí in olcas nuair a fhéachann sé leis an áit a fhágáil. An dtiocfar ar John Joe in am? Tá Peatsaí, atá in aontíos le Colm agus Mo, ag cur isteach go mór orthu. Tá Colm ag iarraidh é a dhíbirt ach tá drogall ar Mo é a chaitheamh amach. An dtabharfaidh Colm aird ar Mo? Níl Tadhg ag iarraidh go mbogfaidh Frances ar ais sa teach. Ach an mbeidh sé in ann í a stopadh?
 

Suíomh: www.rosnarun.com
Facebook: www.facebook.com/rosnarun
Twitter: twitter.com/RosnaRun/
Instagram: www.instagram.com/RosnaRun1
Snapchat: rosnaruntg4 www.snapchat.com/add/rosnaruntg4

Físeáin ar Fáil