Port | Faisnéis Ceol | Albain | Éireann | Aistear Ceoil | TG4 Skip to main content
Menu

Port

Domh
10.00pm
     

Clár ceoil á chur i láthair ag Julie Fowlis
agus Muireann Nic Amhlaoibh.
Dé Domhnaigh @ 10.00pm

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Sraith faisnéise ceoil sé chlár á cur i láthair ag Julie Fowlis agus Muireann Nic Amhlaoibh. Rachaidh an bheirt ar aistear ceoil ar fud na hÉireann agus na hAlban. Ar Ghlaschú a thabharfaidh siad a n-aghaidh anocht. Beidh an t-amhránaí Eilis Kennedy agus Edel Fox, duine de na ceoltóirí consairtín is fearr sa domhan, ina dteannta. Buailfidh siad isteach chuig roinnt ionad ceoil mór le rá sa chathair; an Scotia Bar agus Uisge Beatha ina measc. Casfaidh siad le roinnt ceoltóirí atá ag cur fúthu i nGlaschú, Karen Matheson, Linda MacLeod agus Ceitlin L.R. Smith ina measc.

Chéad Taispeántas: 17 Mei

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Port

Sraith faisnéise ceoil sé chlár á chur i láthair ag Julie Fowlis agus Muireann Nic Amhlaoibh. Rachaidh an bheirt ar aistear ceoil ar fud na hÉireann agus na hAlban. Fiosróidh siad an ceol agus an cultúr a bhaineann le cathracha agus ceantair faoi leith in Albain agus in Éirinn. Beidh beirt cheoltóirí den scoth ina dteannta i ngach clár agus casfaidh siad le neart cairde agus ceoltóirí agus iad ar chamchuairt idir iarthar na hÉireann agus Inse Ghall.
 

I gClár 2:
Ar Ghlaschú a thabharfaidh siad a n-aghaidh anocht. Beidh an t-amhránaí Eilis Kennedy agus Edel Fox, duine de na ceoltóirí consairtín is fearr sa domhan, ina dteannta. Buailfidh siad isteach chuig roinnt ionad ceoil mór le rá sa chathair; an Scotia Bar agus Uisge Beatha ina measc. Casfaidh siad le roinnt ceoltóirí atá ag cur fúthu i nGlaschú, Karen Matheson, Linda MacLeod agus Ceitlin L.R. Smith ina measc.

Físeáin ar Fáil