Paul Henry - Portráid Éireannach | Faisnéis | Ealaíontóir Paul Henry | TG4 Skip to main content
Menu

Paul Henry – Portráid Éireannach

22.05
9.30pm
     

Clár faisnéise ar an ealaíontóir Paul Henry.
Dé Céadaoin 22ú Bealtaine @ 9.30pm

 

Paul Henry – Portráid Éireannach

Sa chlár úr faisnéise seo do TG4, fiosraíonn Antaine Ó Donnaile scéal an Bhaistigh as Béal Feirste a chruthaigh íomhá iarthar na hÉireann.
Cothrom agus céad bliain ó d’fhág Paul Henry Oileán Acla, is oiriúnach an t-am é seo lena scéal an insint. Leanann Antaine Ó Donnaile turas saoil Paul Henry ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste, Páras, Londain agus ansin go hAcaill. Foghlamaíonn sé faoin dóigh ar mhúnlaigh an turas sin Henry féin agus a shaothar agus faoin dóigh ar chuidigh Acaill leis a bheith ar dhuine de na healaíontóirí ba thábhachtaí in Éireann sa nua-aois.
Sa chlár faisnéise seo, measctar ceamaradóireacht ghalánta thírdhreacha agus pictiúirí de chuid Paul Henry. Tá sliochtanna ó dhírbheathaisnéis an ealaíontóra fite fuaite le seanghriangrafanna agus le hagallaimh le bunadh na háite le léargas domhain a thabhairt dúinn ar a shaol agus ar an dearcadh a bhí aige ar iarthar na hÉireann i mblianta luatha an 20ú céad
Rugadh Paul Henry i mBéal Feirste in 1876. Mac é le ministéir géar Baisteach agus le máthair chrua chráifeach. “D’ealaigh” sé ó Bhéal Feirste nuair a fuair sé an deis le bheith ag staidéar i bPáras. Chaith Henry dhá bhliain i bPáras, mar scoláire ag ealaíontóirí móra de chuid na haoise agus tháinig sé faoi anáil Millet, Monet, Cézanne agus Van Gogh lena linn. I ndiaidh Phárais, chaith sé deich mbliana i Londain, áit ar phós sé agus a raibh a lán cairde aige. Ach níor théigh a chroí ariamh le Londain. Bhí sé ar seachrán, caillte, gan focas. Mhol cara a bhí i ndiaidh theacht ar ais ó mhí na meala in Éirinn, mhol sé dó aghaidh a thabhairt ar iarthar na tíre.
Ar Oileán Acla, fuair Paul Henry “an air of romance impossible to describe or to resist. Intangible, alluring and tender.” Chuaigh pobal Acla go mór i bhfeidhm air agus chuir siad suim mhór sa stráinséir mistéireach a bhí ina measc. Lá amháin d’iarr Johnny Tom Eoghain Mac Conmara péinteanna air dá mhac Antain, a raibh an-dúil aige chomh maith i dtírdhreacha na háite. Cé gur bocht na huirlisí a bhí ag Antain agus cé nach raibh traenáil ar bith aige, mheas Henry é a bheith ar aon dul le Van Gogh. Bíodh is gur éirigh an gasúr as an phéintéireacht sa deireadh rinne Henry dlúthchairdeas leis féin agus lena mhuintir. Tá ról lárnach ag mac Antain, John ‘Twin’ Mac Conmara, sa chlár.
Agus é á spreagadh ag an phobal áitiúil agus ag a gcuid nósanna saoil, chruthaigh Paul Henry foirm ealaíne atá inchurtha leis an ealaíon a rinne an drámadóir J.M. Synge amach as an am a chaith sé féin ar Oileáin Aránn. Ní raibh iomrá ar bith ar an rómánsachas a bhíodh le feiceáil go forleathan i gcúrsaí ealaíne ag deireadh an 19ú céad. Ní raibh iomrá ach an oiread ar “Éireannachas an stáitse” a bhí go mór chun tosaigh ag an am. Ina n-áit sin tá againn simplíocht an iar-impriseanachais, ina cheapadh agus in a chur i gcrích.
Cuid mhaith de phictiúirí Henry, léiríonn siad seansaol atá ag imeacht go gasta, ach thug saothar Henry íomhá ídéalaíoch don stát nua neamhspleách, stát a bhí ag iarraidh féiniúlacht a chruthú le linn na hathbheochana i gcúrsaí liteartha, cultúrtha agus teanga ag an am. Lena chois sin, mheall saothar Henry turasóirí ina sluaite go hiarthar na hÉireann.
Scríobh The Irish Times i 1925, “If thousands of people in Great Britain and America have been led this summer to think over the claims of Ireland as holiday ground, it is largely through the lure of Mr Paul Henry’s glowing landscapes…”
Tá cuid pictiúirí Paul Henry chomh tarraingteach céanna is a bhí ariamh. Díoltar iad ar airgead mór agus tá siad féin nó a macasamhlacha le feiceáil ar bhallaí ar fud an domhain. An maireann na híomhánna sin go fóill i measc mhuintir na háite, nó in aigne na dturasóirí a phlódaíonn isteach chun na háite go fóill sa lá atá inniu ann?

Físeáin ar Fáil