Opry le Daniel | Clár Ceol Éireannach | Daniel O' Donnell | TG4 | Ceol Tíre Skip to main content
Menu

Opry le Daniel

Máir
9.30pm
Sath
8.30pm
     

Is í Lisa McHugh a bheidh i gcuideachta Daniel an tseachtain seo
Dé Máirt @ 9.30pm

Fógraíocht

Opry le Daniel 7-2

Rátáil Tuismitheora: G

Sraith ceoil tíre á cur i láthair ag Daniel O'Donnell as Fóram na Mílaoise i nDoire. Is é Derek Ryan agus a mhuintir as Co. Cheatharlach a bheidh i gcuideachta Daniel ar an gclár seo. Gheobhaidh Daniel agus an lucht féachana léargas ar shaol Derek, Adrian agus Pat Ryan. Casfaidh na deartháireacha cúpla amhrán dúinn in éineacht, ina n-aonar agus in éineacht le Daniel chomh maith.

Chéad Taispeántas: 25 Mfo

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Opry le Daniel

Beidh Ard-Rí an cheoil tíre, Daniel O’ Donnell i mbun ceoil agus cainte le cuid de na ceoltóirí is mó le rá sa cheol tíre. Is í seo an tsraith is fearr fós! Beidh ceoltóirí tíre iomráiteacha ar an ardán linn arís i mbliana: Rita Coolidge, Derek, Pat & Adrian Ryan, Lisa McHugh, Sandy Kelly, Willie Kelly, Declan Nerney, Jordan Mogey, Patrick Feeney, Al Grant, Donna Taggart, Jacqui Sharkey, Niamh McGlinchey, Stuart Moyles, Keelan Arbuckle, Caitlin agus go leor eile.
 
I gClár 3:
Is í Lisa McHugh, a rugadh in Albain agus a bhog go hÉirinn in 2010, a bheidh i gcuideachta Daniel ar an gclár seo. Tá Lisa anois ar cheann de na hamhránaithe ceoil tíre is mó le rá in Éirinn anois agus tá casta aici in éineacht le go leor amhránaithe ceoil tíre eile mór le rá. Cuirfidh Daniel tuilleadh aithne ar Lisa ar an gclár seo. Casfaidh sí cúpla amhrán dúinn agus casfaidh sí in éineacht le Daniel chomh maith.

 

Físeáin ar Fáil