Opry an Iúir | Ceol Tíre | Ceol | Daniel O'Donnell | TG4 Skip to main content
Menu

Opry an Iúir

     

Sraith 5 de coirmeacha ceoil a taifeadadh i sean-Halla an Bhaile san Iúr.

Fógraíocht

Togha Opry an Iúir 1-1

Rátáil Tuismitheora: G

"Togha Opry an Iúir" á chur i láthair ag Daniel O'Donnell. Beidh deis eile agaibh togha agus rogha an cheoil tíre a bhí ar Shraith a 5 a fheiceáil. I measc amhránaithe na hoíche anocht beidh Ray Lynam, Sandy Kelly, Cliona Hagan, Michael English agus go leor eile.

Chéad Taispeántas: 29 Bea

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Séasúr 5 de cheann de na sraitheanna ceoil is mó a thuilleann lucht féachana do TG4 – sraith coirmeacha ceoil a taifeadadh i sean Halla an Bhaile san Iúr.     Tá na láithreoirí – an rí féin Daniel O’Donnell agus Lynette Fay ar ais agus rogha iontach amhránaithe ina gcuideachta. Orthu sin tá Ray Lynam, Sandy Kelly, Gloria, The High Kings, The 3 Amigos, Trudy Lalor agus TR Dallas.

Sa tsraith seo, leanfaidh Daniel ag canadh leaganacha Gaeilge d’amhráin atá luaite leis fada an lá. Beidh freisin amhránaithe aitheanta Gaeilge páirteach, ina measc Nell Ní Chróinín, Pól Ó Ceannabháin agus Maitiú Ó Domhnaill.  Gach seachtain, ceolfaidh na ceoltóirí tíre amhrán Gaeilge  i gcuideachta amhránaí traidisiúnta, chomh maith le neart amhrán dá gcuid féin. Ceolfaidh Daniel leis na ceoltóirí tíre fosta, chomh maith le leagan Gaeilge d’amhrán aitheanta leis.

Cuireann agallaimh ar chúl an stáitse, cuairteanna baile ar na réalta, míreanna cartlainne agus comhrá leis an lucht féachana go mór leis an gclár.

Fuarthas maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Thuaisceart Éireann.

Léiriú le Big Mountain Productions

Físeáin ar Fáil