Oireachtas na Samhna 2018 | Oireachtas na Gaeilge | An tOireachtas | TG4 Skip to main content
Menu

Oireachtas 2018

     

Bhí TG4 Beo ó Oireachtas na Samhna arís i mbliana!
Tá Nuacht TG4, Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2018, Lár Stáitse, Lúibíní, Sean-Nós na mBan, Agallamh Beirte, Sceitse, Sean-Nós na bhFear, Steip agus Corn Uí Riada agus Amhrán Saothair ar fad le feiceáil ar an leathanach seo.

Logo - An tOireachtas

Oireachtas na Samhna 2018 ar TG4

Seo iad na cláir a bheas ar fáil Beo agus Ar Éileamh ó féile 2018.


  • Dé Céadaoin an 31ú Deireadh Fómhar:
  • Nuacht TG4 2016 7.00pm – Nuacht TG4
    Beo ó Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne. Tá súil ar leith ag Nuacht TG4 ar scéalta réigiúnacha, áitiúla agus daonna, mar léiriú ar mhana súil eile an chainéil.
    Play
    Nuacht TG4 2016 7.15pm – Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2018
    Searmanas bronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2018
    Play

  • Déardaoin an 01ú Samhain:
  • Agallamh Beirte 2.00pm – Agallamh Beirte (Daoine Fásta)
    Díospóireacht nó aighneas nuacheaptha, nach ndearnadh taispeántas air roimhe seo, i bprós nó i bhfilíocht, gan dul thar deich nóiméad.
    Play
    Sceitse 3.30pm – Sceitse (Daoine Fásta)
    Sceitse, do bheirt nó triúr, idir cúig agus deich nóiméad. Tá saoirse ag iomaitheoirí maidir le cultacha, gluaiseachtaí, véarsaíocht, prós, saor chaint agus aisteoireacht.
    Play
    Nuacht TG4 2016 7.00pm – Nuacht TG4
    Beo ó Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne. Tá súil ar leith ag Nuacht TG4 ar scéalta réigiúnacha, áitiúla agus daonna, mar léiriú ar mhana súil eile an chainéil.
    Play
    Sean-Nós na mBan 7.00pm – Sean-Nós na mBan
    Dhá amhrán dúchasach de rogha an iomaitheora atá le canadh (i) amhrán mall agus (ii) ar athghlaoch amhrán tapaidh.
    Play
    Sean-Nós na mBan 8.00pm – Comórtas ‘BEO’
    Amhrán Nuachumtha Gaeilge do dhaoine óga.
    Play

  • Dé hAoine an 02ú Samhain:
  • Lúibíní 2.00pm – Lúibíní (Daoine Fásta)
    Ceapóga nó Lúibíní nuacheaptha, nach ndearnadh taispeántas air roimhe seo, ar nós “Oró Mhíle Grá” nó “Im Bim Babaró” a ghabháil le ceol.
    Play
    Amhrán Saothair 3.30pm – Amhrán Saothair (Daoine Fásta)
    Amhrán seanbhunaithe nó nua-chumtha, a cuireann saothair nó ceird in iúl trí rithim an cheoil agus mheadaireacht na véarsaíochta.
    Play
    Nuacht TG4 2016 7.00pm – Nuacht TG4
    Beo ó Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne. Tá súil ar leith ag Nuacht TG4 ar scéalta réigiúnacha, áitiúla agus daonna, mar léiriú ar mhana súil eile an chainéil.
    Play
    Sean-Nós na mBan 7.00pm – Sean-Nós na bhFear
    Dhá amhrán dúchasach de rogha an iomaitheora atá le canadh (i) amhrán mall agus (ii) ar athghlaoch amhrán tapaidh.
    Play
    Nuacht TG4 2016 8.00pm – Lár Stáitse
    Clár beo teilifíse, Lár Stáitse, a bheidh dírithe ar na dtaibhealíona béil i measc na ndaoine óga.
    Play

  • Dé Sathairn an 03ú Samhain:
  • Steip Beo 1.30pm – Steip Beo
    Craoladh beo ar Phríomhchomórtais Damhsa ar an Sean Nós, Steip 2018, ó Oireachtas na Samhna 2018 i gCill Airne ina mbeidh scoth na ndamhsóirí, idir óg agus aosta in iomaíocht le duais a bhaint amach. Á chur i láthair ag Joe Ó Domhnaill.
    Play
    Corn Uí Riada 7.00pm – Corn Uí Riada
    Príomhchomórtas amhránaíochta ar an sean-nós ó Oireachtas na Samhna 2018 i gCill Airne.
    Play

  • Dé Sathairn an 10ú Samhain:
  • Oireachtas 2018 7.15pm – Oireachtas 2018
    Amhráin, rince, ceol agus comhluadar ó Oireachtas na Samhna 2018 i gCill Airne. Á chur i láthair ag Micheál Ó Ciaraidh.
    Play

 

Físeáin ar Fáil