Mná Spóirt: Croí is Anam | Spóirt Mná | Aoife Ní Chasaide | TG4 Skip to main content
Menu

Mná Spóirt: Croí is Anam

     

Fógraíocht

Mná Spóirt: Croí is Anam 1-3

Rátáil Tuismitheora: G

Sa chlár deiridh sa tsraith, caithfidh Aoife súil ar an laghad ban atá i mbun cóitseála i spórt na mban agus mar a chaitear leo sa phobal. Casfaidh sí le hEimear Considine ó fhoireann rugbaí na hÉireann agus leis an bpeantatlanaí Mary Peters, bean a bhuaigh bonn óir ag na Cluichí Oilimpeacha.

Chéad Taispeántas: 11 Iui

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Mná Spóirt: Croí is Anam

Sa tsraith ghríosaitheach seo, fiosraíonn Aoife Ní Chaiside, iarchaptaen agus buaiteoir trí bhonn Uile Éireann lena foireann, Sleacht Néill, buanna agus baic do mhná spóirt in Éirinn inniu.
 

Clár 1
Sa chéad chlár, buaileann Aoife le réalta mór peile agus camógaíochta Chorcaí, Rena Buckley, agus pléann na luachanna ag croí spóirt fhoirne. Faigheann Aoife tuilleadh eolais fá fheachtas nua 20×20, atá ag iarraidh aird an phobail a tharraingt ar spórt na mban.

Clár 2
Buaileann Aoife le Niamh McCarthy, caiteoir teisce a bhuaigh bonn airgid ag na cluichí Parailimpeacha i 2016, agus leis an ráibéalaí, Patience Jumbo Gula, le labhairt ar cá bhfaigheann mná spóirt aonaracha an mianach le gaiscí a bhaint amach, is minic le hualach trom orthu dá bharr.

Clár 3
Sa chlár deiridh, amharcann Aoife ar an easpa mná i gcóitseáil spórt na mban, agus ar chonas a chothaítear iad ag leibhéal an phobail. Buaileann sí le hEimear Considine ó fhoireann rugbaí na hÉireann, agus le buaiteoir bhonn óir Oilimpeach, Mary Peters.

Físeáin ar Fáil