Madraí na nGael | Faisnéis | Madraí Éireannach | Ainmhí | TG4 Skip to main content
Menu

Madraí na nGael

     

Cé go bhfuil go leor pór eachtrannach ar fáil mar pheataí sa tír seo anois, tá áit ar leith i gcónaí don phór dúchasach, mar a léirítear sa tsraith seo, 6 chlár.  Díríonn gach eagrán den tsraith ar phór ar leith, ina measc An Faolchú Gaelach, An Brocaire Rua, an Ciarraíoch Gorm, An Spainnéar Uisce agus Brocaire Ghleann Ó Máil.

Shíolraigh ár sinsir na póir seo mar mhadraí oibre agus a scil uathúil féin ag gach ceann acu – ag cabhrú leis an duine ag seilg, ag fiach, ag aimsiú éan a bhí scaoilte ag foghlaeir nó ag cosaint na feirme.

Cé gurbh Corcaíoch bródúil é féin, bhí gean ar leith ag Micheál Ó Coileáin ar a ghadhairín féin, Ciarraíoch gorm agus ba ghnách leis an madra a chur san iomaíocht ag Seó na Madraí.

Léiriú le Ripple World Pictures 

Físeáin ar Fáil