Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Pictiúr: Taylor Hynes, Junior Eurovision 2018

Junior Eurovision 2019 -
An tusa an chéad bhuaiteoir eile?

22.05.19

Junior Eurovision 2019

Táimid ANOIS ag lorg iarratas do CHOMÓRTAS AMHRÁNAÍOCHTA JUNIOR EUROVISION 2019.   
Meas tú an tusa an chéad bhuaiteoir eile?  
https://grabyo.com/g/v/yi33kz7t9ox

 

Deis den chéad scoth a bheadh anseo ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag an Junior Eurovision agus amhrán a chasadh os comhair na milliún lucht féachana. Má tá tusa idir 9-14 bliana d’aois an 24/11/19 d’fhéadfadh tú a bheith san iomaíocht sa Pholainn i mí na Samhna 2019.

 

Ba í Aimee Banks an chéad bhuaiteoir do TG4 in 2015 a chuir drithlíní ar chuile dhuine sa mBulgáir lena hamhrán Gaeilge Réalta na Mara.

 

Zena Donnelly a bhuaigh in 2016 agus a d’ardaigh an cloigeann ar an staid i Málta lena hamhrán Bríce ar Bhríce.

 

Bhuaigh Muireann McDonnell in 2017 agus chuir chuile dhuine sa tSeoirsia faoi gheasa lena guth agus a hamhrán Súile Glasa.

 

Cé a dhéanfaidh an beart in 2019 agus a chasfaidh os comhair na milliún? Meas tú an tusa a bheidh ann? Deis den chéad scoth é seo do ghuth agus do chuid ceoil a chur os comhair na milliún ar fud na hEorpa agus tú i láthair thar ceann na hÉireann.

Cláraigh anois roimh an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais an 14/6/2019 www.tg4.ie/junioreurovision

 

Tuilleadh Eolais:
Linda Ní Ghríofa, (087)9172864, linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: