Hector - Ó Siberia go Saigon | Hector Ó hEochagáin | Taisteal | Siamsaíocht | TG4 | #HectorTG4 Skip to main content
Menu

Hector – Ó Siberia go Saigon

Déar
9.30pm
Aoine
11.30pm
     

Tabharfaidh Hector aghaidh ar Vítneam agus trasna go Saigon
Déardaoin @ 9.30pm

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: 12A

Tá sé 18 mbliana ó bhí Hector i Bangkok cheana agus tá athrú mór ar an gcathair ó shin. Rachaidh sé i mbun cluichíochta, ag tumadóireacht sa chuan agus siúlfaidh sé sráideanna iomráiteacha na cathrach. Bíonn sé in am suaimhnis ansin agus tugann Hector aghaidh ar Tham Krabok, mar a bheadh clinic Betty Ford na Téalainne - mainistir do dhaoine le dul i ngleic le fadhbanna andúile agus a gcónaíonn siad mar a bheadh manaigh ann agus a n-ólann siad deoch donn gach lá a chuireann múisc orthu le hiad a ghlanadh. Bíonn sé in am ansin dul trasna go Siem Reap sa Chambóid.

Chéad Taispeántas: 13 Nol

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Hector – Ó Siberia go Saigon

Tá an taistealaí is clúití in Éirinn, fear nach mbíonn fuacht ná faitíos air, Hector Ó hEochagáin, ar ais ar TG4 agus é ag tabhairt faoi aistear mór a thosóidh i bhfad ó thuaidh i gcríocha na Sibéire sa Rúis agus a leanfaidh breis is 8000 ciliméadar os cionn sléibhte, trí fhásaigh, aibhneacha agus naoi dtír éagsúla an bealach ar fad chuig cathair nua-aoiseach Ho Chi Minh nó Saigon i Vítneam. I gceann de na réigiúin is lú daonra ar domhan a chuirfear tús leis an aistear is mó, is faide agus is spreagúla ar thug Hector faoi fós. Beidh sé in áit atá 3500 ciliméadar ó Mhoscó, príomhchathair na Rúise, agus atá i gcroílár réigiúin as a bhfuiltear ag díbirt deoraithe agus príosúnaigh leis na mílte bliain. Sea, tá Hector ar ais agus ag cur tús lena thuras is mó i gcroílár na Sibéire.
 

Clár 8: Cambodia go Vietnam – Déardaoin @ 9.30pm
Príomhchathair na Cambóide, Phnom Penh, an chéad áit eile a dtabharfaidh Hector aghaidh. Casfaidh sé le lucht grinn agus lucht bailiúcháin dráimh sula mbuailfidh sé le Scott Neeson a thug cúl do Hollywood chun Ciste Leanaí na Cambóide a bhunú in 2003. I ndiaidh peile a imirt in éineacht le leanaí gan dídean, casfaidh sé port le Tiny Toons agus as leis ansin go Vítneam. Rachaidh sé trasna go Ben Tre agus casfaidh sé le fear ar leith darb ainm Ken Horsfall. Agus mar sin i ndiaidh 4000 km agus 8 seachtaine ar bóthar, bainfidh Hector ceann scríbe amach – Saigon.
 

Físeáin ar Fáil