Grace Harte | Dráma | Cine4 | TG4 | Dráma Éireannach | Gradam Circom Skip to main content
Menu

Grace Harte

Máir
10.40pm
     

Tá Gradam Meán CIRCOM don Dráma is Fearr buaite ag Grace Harte, dráma fíorspéisiúil de chuid TG4 faoi bhean in Iarthar na hÉireann atá sáinnithe i bpósadh gan phaisean.
Dé Máirt @ 10.40pm

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Sraith drámaíochta: Mothaíonn Grace Harte go bhfuil sí sáinnithe i bpósadh gan paisean sa seanóstán a ritheann sí in éineacht lena fear céile Leo ar chósta thiar na hÉireann. Nuair a thagann surfálaí óg, Danny, chuig an trá cóngarach don óstán, tarlaíonn go leor eachtraí foréigneacha a athróidh saol gach duine go deo.

Chéad Taispeántas: 22 Bea

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Grace Harte

Sraith 3 eagrán atá suite in óstán in iarthar na tíre atá ag titim as a chéile, faoi mar atá pósadh an lánúin atá ina bhun.
Tá Leo agus Grace Harte sna daicheadaí, iad pósta le fada agus i mbun Óstán Harte le tamall maith freisin. Níl bail iontach ar an ngnó agus measann Grace gur cheart dóibh an t-óstán a athchóiriú le borradh a chur faoi agus faoina gcaidreamh freisin, b’fhéidir. B’fhearr le Leo rudaí a fhágáil mar atá.
Tosaíonn an scéal ag deireadh an tséasúir turasóireachta, tráth a dtagann Danny, fear óg fuinniúil, ar an láthair agus scoil nua surfála oscailte aige in aice láimhe, ag breith buntáiste ar an margaíocht atá déanta ag Slí an Atlantaigh Fhiáin don cheantar cósta seo.
Nuair a admhaíonn Grace do Danny go mbíonn scaití ann nuair ab fhearr léi nach mbeadh Leo ina saol ar chor ar bith, téann an fear óg i mbun gnímh lena mharú ach ní mar a shíltear a tharlaíonn.

Físeáin ar Fáil