Go Gasta | Siamsaíocht | Comórtas Bailte | Rás | TG4 Skip to main content
Menu

Go Gasta

Domh
20:30
     

Sa sraith nua GO GASTA , téann dhá bhaile a bhfuil
coimhlint eadarthú ar pháirc na h-imeartha in
iomaíocht lena chéile chun an fhoireann is láidre a aimsiú.


Dé Céadaoin @ 19:30

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Sa tsraith nua GO GASTA tabharfaidh dhá bhaile atá teorainneach lena chéile agus a bhíonn de shíor ag coimhlint lena chéile dúshlán a chéile i gcomórtas nua bailte. Caithfidh foireann de sheisear ó bhaile amháin rith i dtreo an bhaile eile ach beidh constaicí go leor le sárú acu agus ar ndóigh beidh siad in aghaidh an chloig. An fhoireann is sciobtha a bhainfidh ceann scríbe amach na buaiteoirí agus bronnfar corn 'Go Gasta' 2019 orthu. Ardara agus na Gleannta i gContae Dhún na nGall a bheidh in aghaidh a chéile ar an gclár seo.

Chéad Taispeántas: 13 Dfo

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Go Gasta

Sa tsraith nua GO GASTA tabharfaidh dhá bhaile teorainneach agus a bhíonn de shíor ag coimhlint lena chéile dúshlán a chéile i gcomórtas nua bailte. Is í Máire Treasa Ní Dhubhghaill a bheidh i bhfeighil foireann amháin díobh agus Conal Ó Máirtín saoiste na foirne eile. Caithfidh foireann de sheisear ó bhaile amháin rith i dtreo an bhaile eile ach beidh constaicí go leor le sárú acu agus ar ndóigh beidh siad in aghaidh an chloig. An fhoireann is sciobtha a bhainfidh ceann scríbe amach na buaiteoirí. Beidh foirne againn as Dún na nGall, Gaillimh, An Rinn, Corcaigh, Ciarraí chun tabhairt faoin gcomórtas bailte GO GASTA!
 

Físeáin ar Fáil