Fíorscéal | Sraith Idirnáisiúnta Faisnéise | TG4 | Gaeilge Skip to main content
Menu

Fíorscéal

Déar
10.00pm
Máir
mall
     

Teanga an Troisc
Athchraoladh Dé Céadaoin @ 12.55am

Fógraíocht

Fíorscéal 19-18

Rátáil Tuismitheora: PG

Scéal faoi bheirt leanaí Ylva (9) agus Tobias (10) atá ag obair i dtionscail an troisc. In Osló atá cónaí ar Ylva ach go dtagann sí ar cuairt chuig a seanmhuintir chun na scileanna a bhaineann le teanga a ghearradh as troisc a fhoghlaim. Tá Tobias ag obair ar na dugaí ó bhí sé sé bliana d'aois agus fios a cheirde aige. Beidh Ylva anois aige mar phrintíseach. Scéal é seo faoi chairdeas agus an teacht aniar atá i ngasúir.

Chéad Taispeántas: 17 Ean

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Fíorscéal

Séasúr nua de Fíorscéal a thugann aghaidh ar mhórcheisteanna idirnáisiúnta trí shúile na léiritheoirí teilifíse is fearr, is misniúla agus is conspóidí ar domhan le athghuthú Gaeilge ar rogha clár faisnéise ón iasacht.  Oscailt ar shúil eile is ea gach clár acu.


 

Teanga an Troisc – Athchraoladh Dé Céadaoin @ 12.55am
Scéal faoi bheirt leanaí Ylva (9) agus Tobias (10) atá ag obair i dtionscail an troisc. In Osló atá cónaí ar Ylva ach go dtagann sí ar cuairt chuig a seanmhuintir chun na scileanna a bhaineann le teanga a ghearradh as troisc a fhoghlaim. Tá Tobias ag obair ar na dugaí ó bhí sé sé bliana d’aois agus fios a cheirde aige. Beidh Ylva anois aige mar phrintíseach. Scéal é seo faoi chairdeas agus an teacht aniar atá i ngasúir.
 

Tráchtáil gan Trua – Déardaoin @ 10.00pm
Píosa scannánaíochta ina léireofar na droch-choinníollacha agus an drochbhail a chuirtear ar bheostoc le linn easpórtála. Cé go bhfuil rialacháin na hEorpa maidir le leasa ainmhithe in ainm is a bheith i bhfeidhm go dtí go mbainfidh na hainmhithe ceann scríbe amach, ní mar sin a bhíonn go minic. Tabharfar léargas ar chúrsaí trádála ainmhithe san Eoraip.
 

Físeáin ar Fáil