Skip to main content
Menu

Dúiche

     

Síle Nic Chonaonaigh ag taisteal na tíre le scéalta a
thugann léargas ar an saol sa bpobal tuaithe.

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Obair dheonach a bheifear a phlé an tseachtain seo. Tabharfaidh Síle cuairt ar Chumann Naomh Uinseann de Pól agus ar Sheirbhís Bhunúsach Oideachais d’Aosaigh na Gaillimhe a bhraitheann go mór ar oibrithe deonacha. Tabharfaidh sí cuairt ar thionscnamh Bia i gCorcaigh a bhailíonn bia atá beagnach as dáta ó shiopaí agus dáileann ansin é ar eagraíochtaí a chuireann béilí ar fáil do na boicht. I Luimneach, déanfaidh Patról Corbett le Stop a Chur le Féinmharú cur síos ar an obair atá ar siúl acu féachaint leis an méid daoine a chuireann lámh ina mbás féin gach bliain sa chathair a laghdú.

Chéad Taispeántas: 18 Mei

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Filleann  Síle Nic Chonaonaigh  ag taisteal na tíre ar thóir scéalta agus imeachtaí a thugann léargas ar an saol sa bpobal sin – scéal spreagúil nó suimiúil i gcónaí.

Beidh trácht ar bhánú na tuaithe, ar fhiontraíocht, ar athnuachan bailte agus ar cheardaíocht.  Féach, fiosraigh agus feidhmigh!

Léiriú le Open Eye Productions

Físeáin ar Fáil