Skip to main content
Menu

Comhrá

     

Dreas comhrá le Máirtín Tom Sheáinín,
ina insíonn a chuid aíonna scéal
a mbeatha ar a mbealach féin.

Fógraíocht

Cáit Ní Bhuachalla 3-18

Rátáil Tuismitheora: G

Is í Cáit Ní Bhuachalla as Cill na Martra, Contae Chorcaí a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín. Inseoidh Cáit dúinn faoin uair a rugadh iníon di. Thug sí suas an páiste le huchtú agus ní raibh aon teagmháil aici léi go dtí caoga bliain ina dhiaidh sin. Déanfaidh sí cur síos freisin ar a muintir, daoine uaisle a raibh na céadta acra talún acu. Bhásaigh Cáit ó taifeadadh an clár seo. Go ndéana Dia trócaire ar a hanam.

Chéad Taispeántas: 18 Mei

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Formáid thar a bheith  simplí í seo ina ndéantar dreas comhrá le duine gan áiféis ná gáifeacht.  Leagann an tsraith seo méar ar chuisle na hÉireann.  Tá bua ar leith ag Máirtín Tom Sheáinín, cuireann sé a chuid aíonna ar a gcompord agus faigheann siad deis scéal a mbeatha a insint ar a mbealach féin.

Tá Máirtín sa chúlráid chun an cuntas a stiúradh go ciúin stuama.   Is iad muintir na hÉireann ábhar an chláir seo. Cé go bhfuil próifíl phoiblí agus aithne mhaith ar fud na tíre ar chuid de na haíonna an séasúr seo, is ar ghnéithe eile dá saol a bheidh siad ag trácht.

Sa tsraith seo de Comhrá, beidh aisteoirí, ‘s spaisteoirí, ceoltóirí ‘s polaiteoirí, seoltóirí, filí agus uachtaráin.  I measc na n-aíonna an séasúr seo beidh Uachtarán an CLG, Aogán Ó Ferghail, Bríd Rodgers, polaiteoir leis an SDLP, an t-aisteoir Niall Mac Eamharchaigh atá i bpáirt John Joe i Ros na Rún, Páraic Ó Gaora a bhí ina phríomh-Eagarthóir Nuachta le Nuacht RTÉ, Íte Ní Chionnaith, an chéad ban-uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, agus Joe Higgins, iar-Theachta Dála leis an bPáirtí Shóisialach.

Físeáin ar Fáil