Bóthar Buck | Buck Whaley | Rossa Ó Snodaigh | Faisnéis | TG4 Skip to main content
Menu

Bóthar Buck

Déar
10.00pm
     

Leanann Rossa Ó Snodaigh, (Kíla) aistear Buck Whaley, ó Bhaile Átha Cliath go Jerusalem,
Déardaoin @ 10.00pm

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Rachaidh Rossa trasna na Tuirce chun bád a fháil go hIosrael. Seasfaidh sé sa Chréit sula mbainfidh sé ceann scríbe amach ach níl ach seachtain anois aige le filleadh ar an mbaile.

Chéad Taispeántas: 24 Bea

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Áirítear Buck Whaley ar dhuine de mhór-phearsain Bhaile Átha Cliath le linn na tréimhse ina raibh cáil na réiceála agus an chearrbhachais ar uaisle na cathrach sin, beagán le cois dhá chéad bliain ó shin.

Jerusalem Buck an leasainm a thuill an eachtra is mó atá luaite leis an Uasal Whaley agus tá scéal na heachtra sin agus athchruthú uirthi ar bun ag an gceoltóir Rossa Ó Snodaigh  (Kíla) sa tsraith seo, 4 chlár.

Sa mbliain 1788, ghlac Buck Whaley le geall £15,000 nach n-éireodh leis an turas fada, achrannach, baolach as Baile Átha Cliath go Iarúsailéim agus ar ais a thabhairt taobh istigh de dhá bhliain.  Fiontar buile a bhí ann dar lena chairde go léir mar go raibh an Eoraip, an Mheánmhuir, an Tuirc agus an Talamh Naofa le taisteal aige agus bhí cogaíocht agus faltanais go leor idir na tíortha agus na hImpireachtaí sa réigiún.

Dá ainneoin sin, d’imigh sé leis agus rinne a bhealach de réir a chéile – ag ceadú na gceannairí agus á mealladh le cead taistil a thabhairt dó le binneas a bhéil – agus corr bhreab freisin, is cinnte.   Scríobh sé dialann agus cuntas ar chuid de na hiontais a bhain dó. D’éirigh leis dul go ceann scríbe, cruthúnas scríofa a fháil go raibh sé i Iarúsailéim agus filleadh abhaile, taobh istigh de 36 seachtain. Bhí an geall buaite aige agus brabach £8,000 aige as, suim ollmhór ag an am.  Thuill an eachtra cáil dó ar feadh a shaoil.

Cé go bhfuil deiseanna iompair níos fearr ar fáil sa lá atá inniu ann ag Rossa Ó Snodaigh dá thuras féin, tá dúshláin agus deacrachtaí slándála de chineál eile le sárú aige-san freisin ar a thuras 11,000km agus 13 tír le trasnú aige.

Léiriú le Dearg Films.

 

Físeáin ar Fáil