Beidh Aonach Amárach | Aonaigh Talmhaíochta | Sraith Faisnéis | TG4 Skip to main content
Menu

Beidh Aonach Amárach

     

Spraoi agus spórt, díospóireacht agus comhluadar
– sin mar a bhíonn ag Taispeántais Feirme na tíre.

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Ag taispeántas talmhaíochta Thulach Mhór a bheimid an tseachtain seo ar chlár deiridh na sraithe. Is é seó Thulach Mhór an seó aon lae is mó san Eoraip. Bíonn réiteach mór le déanamh ag eagraí an tseó, Freda Kinnarney, chun a chinntiú go mbeidh chuile rud mar is ceart ar an lá. Tagann Matt agus Rita Goulding as an mBaile Dubh i gContae Chiarraí lena gcuid eallach; tagann Diarmuid Ó Curraoin as Contae na Mí do chomórtas na gcaorach.

Chéad Taispeántas: 14 Fea

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Beidh Aonach Amárach

Beidh spórt agus spraoi, caint agus cuideachta, teannas agus trófaithe ann nuair a bhuailfimid bóthar le lucht na dtaispeántas feirme ar ‘BEIDH AONACH AMÁRACH.’

Sraith sé chlár leathuair an chloig í BEIDH AONACH AMÁRACH a thabharfaidh léargas ar an domhan spéisiúil seo. Bíonn 140 seó nó taispeántas feirme ar siúl sa tír gach bliain a tharraingíonn na sluaite, idir lucht féachana agus iomaitheoirí. Bíonn na hiomaitheoirí ag réiteach ar feadh roinnt mhaith míonna roimh an am – ag traenáil, ag bearradh, ag sciúradh, ag péinteáil, ag cniotáil, ag bácáil agus ag réiteach a gcuid ainmhithe luachmhara don lá mór.

Chaith ár gcriú teilifíse agus ár gceamaraí am in éineacht leo i gcaitheamh na bliana, ar a gcuid feirmeacha agus ina gcuid tithe. Seo iad na daoine a bheidh in iomaíocht do na príomhdhuaiseanna agus a chaitheann dua leis an obair – is cuma mura bhfuil acu ach pocaide gabhair – beidh siad i lár an aonaigh!

Ach bíonn níos mó ná iomaíocht ghéar i gceist. Bíonn slua mór taobh thiar den obair a dhéantar – idir mhaoir, mholtóirí, choistí deonacha agus slua cúntóirí i ngach baile a mbíonn taispeántas ann. Bíonn spraoi ag daoine, cinnte- ach bíonn obair mhór ar siúl taobh thiar de na seastáin tharraingteacha. Agus ní haon jab éasca é an buaiteoir a roghnú as ainmhithe den chéad ghrád. Bíonn tóir mhór ar an ribín dearg sin!

Sa tsraith seo tabharfar léargas ar thaispeántais den uile chineál- na cinn is mó – Balmoral agus Tulach Mhór; na cinn is gleoite –Seó Talmhaíochta Chiarraí Thiar agus Gleann Cholm Chille agus na cinn thraidisiúnta – Gleann Fhinne agus Gleann Clochar. Beidh daoine ag glacadh páirte iontu agus daoine eile ag baint sult astu, agus iad ag taisteal chucu ó cheann ceann na tíre. Bíonn go leor ag brath ar an ribín dearg sin agus bítear an-dáiríre faoi.

Físeáin ar Fáil