Tá mórshluaite ag bailiú arís inniu ag Baisleac Pheadair sa Vatacán agus daoine ar bís le slán a fhágáil le corp an Phápa Phroinsias atá ina luí faoi ghradam ann ó inné.
Measadh ar maidin go raibh 48,000 duine tar éis dul thar bhráid a chónra cheana féin, agus iad sásta ceithre uair a chloig a chaitheamh ag fanacht sa scuaine atá ag síneadh amach thar bhallaí na stát-chathrach anois.
I leaba na ndoirse a dhúnadh ag meánoíche mar a bhí beartaithe, ligeadh oilithrigh isteach sa mbaisleac go dtí 5:30 ar maidin, agus d'oscail arís ar a 7.
Agus súil le ceannairí domhanda teacht chuig an tsochraid Dé Sathairn, tá beart dian slándála á réiteach ag an Iodáil. Beidh an tUachtarán Michael D. Higgins agus an Taoiseach Micheál Martin i measc na gceann stáit agus na gceann rialtais a dhéanfaidh ionadaíocht ar son thíortha an domhain i gCearnóg Pheadair.
Ina gcomhluadar beidh Uachtarán Trump na Stát Aontaithe, Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer, an tUachtarán Emmanuel Macron agus Uachtarán na hÚcráine, Volodymur Zelenskyy.
Anuas air sin, tá súil leis na céadta míle cuairteoir sa Róimh as seo go dtí an Satharn
Domhnach na Cásca an uair dheireanach a chonacthas an Pápa Proinsias agus é ag déanamh cúrsa gearr thrí Chearnóg Pheadair. Níos lú ná 24 uair níos deanaí bhí sé básaithe den stróc a bhuail é i gcaitheamh na hoíche. Bhí sé ag teacht chuige fein sa Vatacáin ó infhabhtú niúmóine a chuir san ospidéal ar feadh 5 seachtaine é.
Tar éis na sochraide, tabharfar a chorp chuig an séipéal b'ansa leis sa Róimh, baisleac Santa Maria Maggiore agus cuirfear ann é faoi leac simplí a mbeidh aon fhocal amháin greanta air, Franciscus.
12 bhliain a bhí Jorge Mario Bergoglio mar an Pápa Proinsias i gceann na 1.4 billiún Caitliceach ar domhain, tar éis teacht i gcomharbacht ar Bendedict XVI a chuaigh ar scor i 2013.
Ar na chairdinéil atá faoi bhun 80 bliain d'aois a thitfidh sé a chomharba a roghnú nuair a ghabhfaidh siad faoi ghlas sa séipéal Sistíneach. Ní bheidh cead amach acu go mbeidh an deatach bán á scoileadh ag fógairt don saol mór go bhfuil pápa nua roghnaithe.
Ní bheidh seo ag tarlú go mbeidh na 9 lá caointe, a thosóidh tar éis na sochraide, thart.