Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Foláireamh faoi íomhánna de mhí-úsáid ar pháistí ginte ag IS

24 AIBREÁN 2025, 13:24

X Facebook

Tá foláireamh tugtha ag Coimisiún na Meán faoi bhfás i líon na n-íomhánna de mhí-úsáid ar pháistí atá á ngniniúint ag intleacht shaorga (IS).

Bhí Niamh Hodnett, an Coimisinéir um Shábháilteacht Arlíne ag labhairt ag seoladh straitéis nua rialaitheoir na meán a fhéachann le páistí a chosaint, ardáin a thabhairt chun cuntais agus dul i ngleic leis an mbréagaisnéis.

Cuirfidh Coimisiún na Meán clár píolótach ar bun le tacaíocht a chur ar fáil do pháistí atá i gcontúirt mhór ó ábhar arlíne, mar réamhbheart chun meicníocht gearán níos leithne a cheapadh.

Údar mór imní don Choimisiún an méadú san ábhar a bhaineann le mí-úsáid ar pháistí.

Dhá chineál ar leith is cúis don imní sin, a dúirt Niamh Hodnett, an cineál a ghineann páístí iad féin i nganfhios go minic dá dtuismitheoirí agus ábhar faoi mhí-úsáid ar pháistí atá ginte ag IS.

Idir an dá linn, ní bheidh an tAire Cumarsáide Patrick O'Donovan ag cur tobhach ar na seirbhísí sruthaithe, ar nós Netflix, de réir phlean a bhí curtha i dtoll a cheile don Rialtas ag Coimisiún na Meán.

Ach deir Cathaoirleach Feidhmeannach Chomisiún na Meán nár bhain cinneadh an Aire an bonn faoin gCoimisiún.

Dúirt Jeremy Godfrey gur ceist polasaí agus gur cinneadh aireachta a bhí ann faoin chomheá idir tionchar diúltach ar thomhaltóirí agus an tionchar dearfach ar an earnáil.

Tá geallúint sna pleananna a foilsíodh inniu tionchar na bréagaisnéise a laghdú agus dul i ngleis leis an bhfuath arlíne. Beidh treoirlínte agus beartais oideachais á gcur ar fáil mar chuid de seo.

Ina theannta sin, beidh taighde ar thionchar na mí-úsáide arlíne ar iarrthóirí toghcháin á bhfoilsiú roimh thoghchán na huachtarántachta nios deireanaí i mbliana, agus beidh straitéis sláine toghchánaiochta á thabhairt i gcrích freisin.