Tá agóid dlithiúil tosaithe in aghaidh chinneadh aireachta sa Tuaisceart, comharthaíocht Gaeilge a fheistiú ag an stáisiún nua traenach, Grand Central Station, i mBéal Feirste.
Dúirt an gníomhaí dílseasch Jamie Bryson go raibh ag tionscnamh athbhreithniú breithiúnach san Ardchúirt in aghaidh na Roinne Infrastruchtúir as ar tháinig an cinneadh an chomharthaíocht a cheadú. Tá sé ag lorg urghaire cúirte freisin le stop a chur leis an obair sin ag an mol nua iompair sa chathair.
Aire de chuid Shinn Féin, an tAire Infrastruchtúir Liz Kimmins, a cheadaigh an chomharthaíocht an mhí seo caite, ach tá sé ina achrann san Fheidhmeannacht ó shin. .
Maionn an DUP go raibh dualgas dlithiúil uirthi cinneadh mar sin a chur faoi bhráid an Fheidhmeannais, agus deir Jamie Bryson go ndearnadh an cinneadh gan é bheith faofa ag an bhFeidhmeannas.
De réir rialacha Stormont, ní mór aon chinneadh a mheastar atá suntasach nó conspóideach bheith déanta ag an gcomhaireacht, in áit ag aire amháin.
Ach faoin gCead Aire agus faoin Leas-Chéad Aire atá sé cinntí a mheas dá suntas nó dá gconspóid.
Níos luaithe an mhí seo, dheimhnigh Translink go raibh stop curtha leis an obair ar an gcomharthaíocht de bharr go raibh agóid dlithiúil ar an mbealach.
Ach nuair nach bhfuair an tUas Bryson aon sásamh as an gcomhghreagras a bhí déanta aige maidir leis an gcás, chuaigh sé chun cinn leis an agóid dlithiúil inniu.