Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An slán deireanach á fhágáil leis na bPápa ag na mílte sa Róimh

23 AIBREÁN 2025, 15:11

X Facebook

Tá na mílte ag bailiú sa Vatacáin leis an slán deireanach a fhágáil ag an bPápa Proinsias i mBaisleac Pheadair, mar a mbeidh a chorp ag luí faoi ghradam go ceann trí lá.

Shín líne fhada na sochraideach agus cuairteoiri trasna Chearnóg Pheadair sular oscail doirse na baislice ar a deich ar maidin, chun cead isteach a thabhairt don phobal. Mheas na maoir go raibh tuairim is 20,000 duine sa scuaine an t-am sin.

Dé Luain a fuair an Pápa Prionsias bás in aois a 88 mbliana, ceannaire 1.4bn Caitliceach ar fud na cruinne, an fear as an Airgintín a raibh cáil an leasaithe air.

De réir a theastais bháis, stróc agus teip croí a thug a bhás, lá tar éis dó páirt a ghlacadh i searmanais na Casca sa Vatacáin. Bhí cúig seachtaine caite aige san ospidéal ó mhí Feabhra de bharr núimóine a bhí tolgtha aige sa dá scámhóg.

Ón Luan, bhí corp an phápa as cionn cláir i séipéal Casa Santa Marta sa Vatacáin, an teach inar chuir sé faoí ó rinneadh pápa de, ní hionann agus na fir a chuaigh roimhe a rinne cónaí i Seomraí an Phápa sa Vatacáin.

Ach ar maidin, tugadh corp Phroinsias as sin go dtí Baisleac Pheadair, ceann de na heaglaisí is galánta agus is ornáidí ar domhain, agus is ann a bheidh sé go dtí Aifreanna na sochraide maidin Dé Sathairn.

Slua de shagairt agus de cháirdinéil a rinne tionlacan ar a chónra trí Chearnóg Pheadair, mar a bhris bualadh bos amach i measc na mílte a bhí ag fanacht air, comhartha traidisiúnta ómóis ag sochraidí san Iodáil.

Bhuail cloig Naomh Peadair agus bhí cantaireachta salm agus páidreacha Laidne ag cór na Baislice ar theacht chorp an phápa isteach san eaglais.

Beidh sé ag luí faoi ghradam i gcónra simplí os comhair an altóra, agus faoi bhun chuinneacháin a phéinteáil Michaelangelo féin go dtína shochraid. Tá Prionsias gléasta in éide bhán an phápa agus, mar a bhéifí agus súil leis ó Chaitliceach cráifeach, an páidrin fite ina mhéaracha.

Scaoilfear na sluaite thar bhráid an chónra go dtí oíche Dé hAoine, suas le deichniúr le taobh a chéile ag an am.

Toghadh Jorge Mario Bergoglio ina Phápa Prionsias i 2013, i gomharbacht ar bPápa Benedict XVI a chuaigh ar scor o cheannaireacht na heaglaise caitlicí, an chéad uair a tharla sin ón tríú haois déag.

Ba é an chéad fhear ó Mheiriceá Theas agus an chéad bhall d'Ord na nÍosánach leis an oifig is airde san Eaglais Chaitliceach a bhaint amach.