Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Vótáil baill an ASTI ar son rúin maidir le gníomh tionsclaíoch

22 AIBREÁN 2025, 16:21

Vótáil baill an ASTI, ar son rúin ag a gcomhdháil bhliantiúil inniu go rachaidh siad i mbun ballóide maidir le gníomh tionsclaíoch a ghlacadh, mura mbaintear amach socrú sásúil maidir le hathchóiriú ardteiste
X Facebook

Vótáil baill Chumann na Meánmhúinteoirí, an ASTI, ar son rúin ag a gcomhdháil bhliantiúil inniu go rachaidh siad i mbun ballóide maidir le gníomh tionsclaíoch a ghlacadh, mura mbaintear amach socrú sásúil le linn cainteanna idir an Roinn Oideachais agus ceardchumainn mhúinteoirí maidir le hathchóiriú ar an Ardteistiméireacht.

Sular vótáladh ar an rún, labhair 21 cainteoir ina fhábhar agus 15 ina choinne. Mhair an díospóireacht uair agus daichead noiméad.

Pléifidh baill Aontas Múinteoirí Éireann, an TUI, a rún féin ar an ábhar céanna ag comhdháil an cheardchumainn sin i Loch Garman amárach.

Cuireadh tús leis na cainteanna idir an Roinn Oideachais agus ceardchumainn na meánmhúinteoirí an tseachtain seo caite agus leanfar den phlé eatarthu ar athchóiriú ardteistiméarachta i ndiaidh bhriseadh na Cásca.

Is ar leas na ndaltaí ardteiste agus ar chaighdeán an oideachais phoiblí atá an ASTI dírithe,
a deir siad

Mar thoradh ar an rún seo, beidh deis ag baill na gceardchumann vótáil ar pé moltaí a aontófar i rith na gcainteanna, sula gcuirfear i bhfeidhm iad.

Tharraing lucht an ASTI aird inniu ar chinneadh an Aire Oideachais, Helen McEntee, leanúint ar aghaidh le hathchóiriú ar an tsraith shinsearach, beag beann ar mholtaí na gceardchumann an t-athchóiriú a chur ar an méar fhada fad is atá próiseas comhairliúcháin agus pleanála ar bun.

Deir an ASTI gur ar leas na ndaltaí ardteistiméarachta agus ar chaighdeán an oideachais phoiblí atá siad dírithe, agus gur mar sin, gur coimeádann siad an ceart acu féin vótáil ar na moltaí a thiocfaidh as na cainteanna idir an roinn agus na ceardchumainn.