Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An tUachtarán Higgins le freastal ar shochraid an Phápa

23 AIBREÁN 2025, 15:11

Tabharfar cónra Phápa Proinsias go dtí Baisleac Naomh Peadar i gCathair na Vatacáine maidin Dé Céadaoin, áit a mbeidh deis ag an bpobal a n-ómós a léiriú dó as sin go dtí lá na sochraide.
X Facebook

Tá sé deimhnithe ag léar mór ceannairí domhanda go bhfreastalóidh siad ar shochraid Phápa Proinsias, a bheidh ar siúl i gCathair na Vatacáine Dé Sathairn.

Ina measc, beidh Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, Prionsa na Breataine Bige, Príomhaire na Breataine, Keir Starmer, Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, Uachtarán Zelensky na hÚcráine agus Uachtarán Trump Mheirceá.

Dheimhnigh an Vatacáin inniu go mbeidh sochraid an Phápa ar siúl ar an Satharn ar 10:00, am áitiúil.

D'fhoilsigh an Vatacáin íomhánna inniu den Phápa i gcónra oscailte, róba dearg agus mítéar an Phápa air agus paidrín ina lámha aige.

Tabharfar a chónra go dtí Baisleac Naomh Peadar i gCathair na Vatacáine maidin Dé Céadaoin, áit a mbeidh deis ag an bpobal a n-ómós a léiriú dó as sin go dtí lá na sochraide.

Deimhníodh bás an Phápa inné. Bhí sé 88 bliain d’aois. Cé nach raibh a shláinte go maith le tamall agus gur chaith sé seachtainí in ospidéal Gemelli sa Róimh ag tús an Earraigh, mar sin féin, bhí a bhás tobann sa mhéid is gur ghuígh sé beannachtaí na Cásca ar shlua daoine i gCearnóg Naomh Peadar sa Róimh an lá sular cailleadh é, Domhnach Cásca.

Tá íomhánna den Phápa Proinsias ina chónra eisithe ag an Vatacáin

'Stróc agus teipeadh croí nach raibh aon teacht uaidh', ba chúis lena bhás, de réir a theastais bháis.

Tá a gcomhbhrón faoi bhás an Phápa á léiriú ag ceannairí polaitiúla, stáit agus eaglasta ar fud an domhain. Anseo in Éirinn, dúirt an Taoiseach, Micheál Martin gur ghlór é an Pápa dóibh siúd 'nach raibh aon ghlór acu, na bochtáin, iad siúd ar an imeall agus inimircigh' go speisialta.

Dúirt an tUachtarán Michael D.Higgins go raibh umhlaíocht ar leith ag baint leis an bPápa Proinsias agus go raibh cineáltas agus comhbhá ag roinnt leis.

Tá ceannairí ó thíortha an domhain i ndiaidh a chur in iúl cheana féin go mbeidh siad i láthair ag an tsochraid, ina measc Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump.

I ndiaidh a shochraide ar ndóigh díreofar aird ansin ar a chomharba agus cé roghnóidh na cairdinéil le bheith i gceannas ar an Eaglais Chaitliceach.