Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Teach pobail i nGaeltacht Dhún na nGall dóite go talamh

21 AIBREÁN 2025, 19:11

Ar an ceathair a chlog ar maidin a cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála chuig Teach Pobail Mhuire i nDoirí Beaga
X Facebook

Tá na Gardaí ag fiosrú tine a rinne scrios iomlán ar Theach Pobail Naomh Muire sna Doirí Beaga, i gCo. Dhún na nGall thar oíche. Ar a ceathair a chlog ar maidin a tugadh an tine faoi deara, ach níor éirigh le hoibrithe dóiteáin an tine a cheansú in am.

Bhí seacht n-aonad den bhriogáid dóiteáin as Gaoth Dobhair agus as stáisiúin éagsúla chomh fada ó bhaile le Leitir Ceanainn atá 50 ciliméadar ar shiúl, ar an láthair taobh istigh de am ghairid ach theip ar a gcuid iarrachtaí an tine a smachtú.

Scriosadh go hiomlán an foirgneamh i gcruth ochtagánach a cheap an t-ailtire Patrick Carr.

Níl fágtha ach ballaí brící agus cuid den struchtúr cruach agus adhmaid a chuir díon ar an tséipéal.

Ba é Easpag Ráth Bhoth san am, an Dr. Antoin Mac Ficheallaigh a choisric an teach pobail i 1972 agus bhí sé ar cheann de na tithe pobail a ba mhó i gCo. Dhún na nGall.

Bhí seacht n-aonad den bhriogáid dóiteáin ar an láthair.

I ráiteas ó shagart paróiste Ghaoth Dobhair tráthnóna, thug sé le fios go n-atógfar an teach pobail.

Dúirt an t-Athair Brian Ó Fearraigh gur bhain an tine "preab mhillteanach as an phobal uilig, a dhearc ar an teach pobail seo mar bhaile spioradálta."

"Tá teacht aniar láidir ionainn mar phobal agus seasfaimid le chéile, gualainn ar ghualainn in am seo an bhróin agus na tragóide. Dhéanfar atógáil ar an Teach Pobail álainn seo in am trátha, le go mbeidh dóchas athnuaite, todhchaí níos gile againn féin agus ár gcairde fá Ghleanntáin Ghlasa Ghaoth Dobhair.

Dúirt sé: "Maidin Domhnach Cásca chruinnigh pobal Ghaoth Dobhair le chéile, i gcuideachta cairde agus cuairteoirí go dtí an ceantar, i dTeach Pobail a bhí lán go doras, le ceiliúradh lúcháireach a dhéanamh ar shearmanais na Cásca agus ar aiséirí Chríost.

Eachtra thragóideach agus chorraitheach a thug sé ar an tine, a chuir saighead fríd chroílár an phobail.

"Ní amháin gur láthair adhartha a bhí san Teach Pobail álainn seo againne, ach tearmann solais, beatha agus grá, tacaíocht, aontacht agus dóchas do idir leanbh 's liath."

Bhí Teach Pobail Mhuire ar cheann de na tithe pobail a ba mhó i nDeoise Ráth Bhoth

Is ar a 7.00in i dTeach Pobail Cholmcille, Cnoc Fola ar an taobh thoir den pharóiste a bheas na hAifrinn a bhí le bheith i nDoirí Beaga ón Luan go Aoine ó seo amach.

Tá fiosrúchán teicniúil tosaithe ag na Gardaí agus ag oifigigh dóiteáin agus tá bealach Mhín an Iolair idir Mín Doire Dhamh agus croisbhealach Dhoirí Beaga druidte faoi láthair.