Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An Pápa Proinsias ar shlí na fírinne

21 AIBREÁN 2025, 15:53

An Pápa Proinsias tar éis bháis
X Facebook

Tá a gcomhbhrón faoi bhás an Phápa á léiriú ag ceannairí polaitiúla, stáit agus eaglasta ar fud an domhain.

Anseo in Éirinn, dúirt an Taoiseach go mba 'mhór a bhrón' i ndiaidh dó cloisteáil faoi bhás an Phápa Proinsias níos túisce ar maidin inniu.

Dúirt Micheál Martin gur ghlór é an Pápa dóibh siúd 'nach raibh aon ghlór acu, na bochtáin, iad siúd ar an imeall agus inimircigh' go speisialta.

Dúirt sé freisin gur fear é a chuir an Eaglais ar bhealach an athraithe, gur duine é a raibh an-chion aige ar a chomh-dhuine agus a bhí aiféalach freisin faoin éagóir ar fad a rinne baill den chléir sa bhfad a caitheadh.

Dúirt an tUachtarán Michael D.Higgins go raibh umhlaíocht ar leith ag baint leis an bPápa Proinsias agus go raibh cineáltas agus comhbhá ag roinnt leis.

Dhearbhaigh an Eaglais Chaitliceach go gairid roimh a 9 a chlog am na hÉireann ar maidin go raibh an Pápa Proinsias tar éis bháis.

Thug sé beannachtaí na Cásca uaidh inné don uair dheiridh.

88 bliain d'aois a bhí sé.

Ní raibh a shláinte thar mholadh beirte le tamall agus chaith sé seachtainí in ospidéal Gemelli sa Róimh ag tús an Earraigh.