Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

7 lá dobróin san Airgintín

21 AIBREÁN 2025, 16:21

Bean ón Airgintín ag léiriú a bróin i Buenos Aires
X Facebook

Tá Rialtas na hAirgintíne i ndiaidh 7 Lá dobróin a fhógairt sa tír sin i bhfianaise bhás an Phápa,Proinsias.

Ba ó chathair Buenos Aires, príomhchathair na hAirgintíne an Pápa ó dhúchas.

Dúirt Ard-Easpag Buenos Aires, gur Phápa do na bochtáin agus dream ón imeall a bhí i bProinsias.

D'fhógair an Rialtas thall ansin freisin go mbeidh Uachtarán na tíre,Javier Milei sa Róimh don tsochraid.

Maidir leis na socruithe sochraide don Phápa níl mórán ar eolas go fóill ach amháin nach i mBaisleach Naomh Peadar a chuirfear é.

Tuigtear freisin gurb é an deireadh seachtaine seo chugainn an tAifreann Sochraide, cé nach bhfuiltear cinnte go fóill cén lá.

Go traidisiúnta,cuirtear an Pápa idir 4-6 lá i ndiaidh a bháis.

Tá 9 lá dobróin fógraithe ag an Vatacáin.