Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Cuid mhaith den tír le deoch den Aibreán a fháil

17 AIBREÁN 2025, 17:26

Foláireamh buí báistí fógartha i dtrí chúige ag Met Éireann
X Facebook

Tá foláireamh buí báistí fógartha ag Met Éireann in aon chontae dhéag i dtrí chúige as seo go ceann cúpla lá.

Deir na meitéareolaithe go mbeidh an bháisteach an-trom in amanna agus go bhféadfadh tuilte a bheith ann dá barr.

Beidh feidhm leis an bhfoláireamh óna 11 a chlog anocht go dtí an meán lae amárach i gCorcaigh agus i gCiarraí; idir 6 a chlog ar maidin amárach agus 9 a chlog oíche amárach i nGaillimh agus i Maigh Eo; agus idir 6 a chlog ar maidin amárach agus 6 a chlog ar maidin Dé Sathairn i mBaile Átha Cliath, i gCeatharlach, i gCill Chainnigh, i gCill Mhantáin, i Loch Garman, i Lú agus i bPort Láirge.

Deirtí faoin bhfalcaire fiáin go ndúnann sé nuair atá báisteach air

Seachas na tuilte, gan amhras, teastaíonn an folcadh in áiteanna tar éis an triomaigh a bhí ann le cúpla seachtain.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ