Is é Sinn Féin an páirtí polaitíochta is mó a bhfuil fabhar an phobail leis i láthair na huaire, de réir pobalbhreith nua a rinne Ipsos B&A don Irish Times.
Is 26% den phobal a thacaíonn le Sinn Féin faoi láthair, ar ardú de 6% é sin ón bpobalbhreith dheireanach a rinne Ipsos B&A go gairid roimh an olltoghchán i mí na Samhna seo caite.
Tá tacaíocht Fhianna Fáil ardaithe freisin, ó 21 go 22%.
Malairt scéil atá ann i gcás Fhine Gael, áfach, ó tá tacaíocht an pháirtí sin tite go suntasach ó 19% go 16%, an céatadán is ísle a taifeadadh riamh.

Idir dhea-scéala, dhroch-scéala agus neamhscéala atá sa phobalbhreith do na páirtithe eile:
Neamhspleáigh agus Eile 17% (mar a bhí)
Daonlathaithe Sóisialta 7% (+1%)
Páirt an Lucht Oibre 5% (+1%)
Pobal Roimh Bhrabús-Dlúthpháirtíocht 3% (mar a bhí)
Comhaontas Glas 3% (-1%)
Aontú 1% (-2%).
Dúirt 19% de na daoine a ceistíodh nach raibh siad cinnte cén páirtí a gcaithfidís vóta céadrogha dó dá ngairmfí olltoghchán.
Ina cheann sin, thug 51% de na freagróirí le fios go raibh siad míshásta go ndeachaigh Fianna Fáil agus Fine Gael i gcomhrialtas le chéile an athuair, i gcomparáid le 39% a dúirt go raibh siad sásta.
Mar leis an Teachta Dála Neamhspleách Michael Lowry, dúirt 64% nár cheart don dá pháirtí úd margadh a dhéanamh leis, i gcomparáid le 15% a dúirt gur cheart.
1,200 duine a ceistíodh le haghaidh na pobalbhreithe Dé Luain agus Dé Máirt seo caite agus deirtear go bhfuil lamháil earráide de ±2.8% ag baint leis.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ