Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Sony le 100 post nua a chruthú i mBaile Átha Cliath

17 AIBREÁN 2025, 10:48

SIE ag iarraidh oibríochtaí digiteachta an chomhlachta a bharrfheabhsú
X Facebook

Tá Sony Interactive Entertainment (SIE), an comhlacht a dhéanann PlayStation, le 100 post nua a chur ar fáil i mBaile Átha Cliath.

Innealtóirí bog-earraí agus eolaithe sonraí atá le hearcú, ar taighde agus forbairt a bheas ar bun acu, a dúradh, le súil barr feabhais a chur ar oibríochtaí digiteachta an chomhlachta agus ar sheirbhísí do chustaiméirí.

Tá an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail (GFT Éireann) ag tacú leis an infheistíocht.

Dúirt príomhfheidhmeannach GFT Michael Lohan gur solaoid eile fós an scéala ar an dea-cháil atá ar Éirinn mar mhol nuálaíochta agus teicneolaíochta, gan trácht ar an dea-chlú atá ar oibrithe na tíre ar fud an domhain.

Ar a shon sin, taibhsíonn sé go bhfuil athrú suntasach chun feabhais tagtha ar ghnóthaí SIE le gairid, arae níl ann ach bliain ó scaoil an comhlacht 900 oibrí chun siúil i dtíortha éagsúla.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ