Tá rátaí úis íslithe arís ag an mBanc Ceannais Eorpach, an dara huair i mbliana agus an seachtú huair le bliain.
Ísliú eile de 0.25% atá i gceist agus fágann sin gur 2.25% atá sa phríomhráta úis anois.
Dea-scéala atá ann do thart ar 180,000 úinéir tí sa tír seo a bhfuil morgáiste rianúcháin acu mar go rachaidh an t-ísliú i bhfeidhm nach mór láithreach ar an méid atá siad a íoc ar ais.
Úinéirí tí a bhfuil ráta úis inathraithe acu, sábhálfaidh siadsan €13 sa mhí as gach €100,000 atá ar iasacht acu. I gcás morgáiste de €500,000, mar shampla, beidh ísliú de €65 sa mhí nó €780 sa bhliain sa mhéid atá le híoc ar ais acu.
Daoine a bhfuil ráta úis seasta acu, áfach, ní bheidh aon athrú ar an méid atá le híoc ar ais acusan.
Tuigtear gur theastaigh ón mBanc Ceannais Eorpach roimhe seo an príomhráta úis a ísliú go dtí 2% faoi dheireadh 2025, a fhad is a thitfeadh ráta an bhoilscithe ag an am céanna.
Eang sa roth, ámh, is ea polasaithe eacnamaíochta Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump ó tháinig sé i gcumhacht i dtús na bliana, go háirithe na taraifí atá sé a ghearradh ar earraí ó thíortha eile.
I bhfianaise an choir nua sin sa scéal, ceaptar go mbeidh lucht polasaí airgeadais an Aontais Eorpaigh níos dúnárasaí feasta ar fhaitíos go gciorrófaí a bhfuil siad ag iarraidh a thabhairt i gcrann gan é ach ina bhuinneán.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ