Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Gan ach 41 áit ar cíos ar fáil faoi scéim chúnaimh

17 AIBREÁN 2025, 09:42

Fíorbheagán áiteanna cónaithe ar cíos ar fáil do dhaoine atá ag brath ar an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
X Facebook

Ní raibh ach 41 áit chónaithe ar cíos ar fáil do dhaoine atá ag brath ar an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta ar thrí lá ar a laghad an mhí seo caite, de réir staidéar a rinne an carthanas tithíochta Clann Shíomóin.

Sin cúig áit chónaithe níos lú – titim de 11% – ón staidéar deireanach i mí na Nollag seo caite.

Rinneadh an staidéar is deireanaí i sé cheantar déag ar fud na tíre agus catagóirí éagsúla daoine a bhí i gceist – daoine singile, lánúineacha, lánúineacha a raibh páistí acu agus tuismitheoirí aonair.

I ndeich gcinn de na sé cheantar déag sin, ní raibh oiread agus áit chónaithe amháin ar fáil do dhaoine atá i dteideal na híocaíochta cúnaimh i gcaitheamh na dtrí lá ar leith a ndearnadh staidéar orthu.

Ba i mBaile Átha Cliath a bhí 31 den 41 áit chónaithe ar fáil.

Faoin Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta, tá idir ghnáthráta agus ráta breise ann.

Is minice, áfach, an gnáthchíos a bheith i bhfad níos airde ná an gnáthráta atá ceadaithe faoin scéim, go háirithe i mBaile Átha Cliath agus i mbailte móra eile.

Fágann sin go gcaithfidh daoine an ráta breise a iarraidh nó an t-airgead a fháil ó fhoinse eile, é sin nó a bheith fágtha ar an trá fholamh.

Tugtar le fios i staidéar Chlann Shíomóin freisin go bhfuil an margadh cíosa trí chéile cúngaithe ó thus na bliana.

Bhí 1,119 áit ar cíos ar fáil i gcaitheamh na chéad ráithe den bhliain, ar titim de 9% é sin ón ráithe roimhe sin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ