Tuairiscítear gur maraíodh 40 duine ar a laghad nuair a bhuamáil aerfhórsa Iosrael ionaid do theifigh in áiteacha éagsúla in Gaza.
Deirtear gur maraíodh sé dhuine dhéag den dá scór, mná agus leanaí a bhformhór, nuair a bhuail dhá dhiúracán pubaill a bhí curtha suas ag dídeanaithe sna dumhcha i gceantar cósta al-Mawasi in aice le cathair Khan Younis i ndeisceart Gaza.
Tuairiscítear gur gortaíodh 23 duine san ionsaí sin leis.
Tá al-Mawasi in ainm a bheith ina 'cheantar sábháilte' ach is minic a bhuamálann na hIosraelaigh an áit, beag beann ar an stádás 'sábháilte' sin a bhronn siad féin air mar dhóigh de.
Is i mbailte Beit Lahia agus Jabalia i dtuaisceart Gaza agus i gCathair Gaza a maraíodh an chuid eile den dá scór, a deirtear.
D'fhógair na hIosraelaigh inné go raibh 30% de Gaza iompaithe ina 'chrios maolánach' acu agus rinne maíomh as tír na bPalaistíneach a bheith níos lú dá bharr.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ