Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Idirnascaire aibhléise le soláthar a choinneáil le 380,000 teach

16 AIBREÁN 2025, 15:51

Cábla aibhléise ardvoltachta leagtha idir an Bhreatain Bheag agus Éire
X Facebook

Cuirfear go mór leis an méid leictreachais atá an Stát a cheannach isteach cheana féin ón mBreatain ó cuireadh ag obair go hoifigiúil inniu idirnascaire nua idir an dá dhlínse.

Cábla ramhar ardvoltachta 190 ciliméadar ar a fhad atá san idirnascaire a leagadh faoi mhuir den chuid is mó, agus faoi thalamh freisin, idir Sir Benfro sa Bhreatain Bheag agus an tOileán Mór i Loch Garman.

Tá sreabhráta fuinnimh de 500 meigeavata san idirnascaire a mbeidh sé d'acmhainn aige soláthar a choinneáil le tuairim is 380,000 teach.

Deich mbliana a ghlac sé an togra a chur i gcrích ó bhuncheapadh go dlaoi mhullaigh.

Chomh maith le soláthar a cheannach isteach le haghaidh mhuintir na hÉireann, tá sé i gceist ag an Stát aon fharasbarr a dhíol thar tír amach le stáit eile.

Ó táthar ag cur le foinsí fuinnimh an Stáit an t-am ar fad agus ó tá tuilleadh iomaíochta ann dá bharr sin, meastar go dtitfidh praghsanna mórdhíola as a dheireadh.

Ina aice sin, má chliseann foinse amháin, nó péire, féadfar dul i muinín na gcinn eile i gcónaí.

Mar le hoibleagáidí dlíthiúla na hÉireann i leith athrú aeráide, níl an Stát freagrach go hoifigiúil as astaíochtaí carbóin ó leictreachas a cheannaítear isteach.

Is ó fheirmeacha gaoithe agus ó ghás nádúrtha a ghintear an chuid is mó de sholáthar leictreachais an Stáit fós.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ