Tháinig ardú de 8% ar an meán ar phraghsanna tithe agus árasán i gcaitheamh an dá mhí dhéag ó Fheabhra 2024 go Feabhra 2025, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh, ar tiitm bhídeach é ón ardú de 8.2% sa dá mhí dhéag idir Eanáir 2024 agus Eanáir 2025.
Ardú de 7.1% a bhí i mBaile Átha Cliath, ardú de 8.7% i ngach áit eile sa Stát.
€360,000 an meánphraghas a bhí ar áras cónaithe sa Stát i bhFeabhra 2025, le hais €359,999 an mhí roimhe sin.
Ba i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin a bhí an meánphraghas ab airde, mar a bhí, €670,000.
Ba i gCo Liatroma a bhí an meánphraghas ab ísle, mar a bhí, €185,000.
Tá ardú de 161.6% tagtha ar phraghsanna tithe ó thús 2013, tráth a bhí cúlú eacnamaíochta ann.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ