Tugadh fear 29 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Mhainistir na Corann i gCo Chorcaí inniu agus é cúisithe i ndúnmharú Daniel O'Sullivan a sádh i mbaile Eochaille in oirthear an chontae arú aréir.
Sin é Reece Keogh as an bPríomhshráid Thuaidh in Eochaill a bhfuil sé curtha ina leith gur dhúnmharaigh sé Daniel O'Sullivan i dteach tábhairne ar an bPríomhshráid Thuaidh oíche Dé Luain.
Sádh sa bholg Daniel O'Sullivan, a bhí 32 bliain, agus bhásaigh sé san ospidéal ina dhiaidh sin.
Ba as Mala i dtuaisceart Chorcaí ó dhúchas é ach bhí sé ina chónaí in Eochaill le roinnt blianta.

Cuireadh siar faoi choinneáil Reece Keogh agus tiocfaidh sé os comhair Chúirt Dúiche Mhainistir Fhear Maí ar nasc físe seachtain ó inniu.
D'iarr a aturnae go dtabharfaí le fios d'fhoireann shíciatrach an phríosúin gur duine leochaileach ab ea a chliant.
D'ordaigh an Breitheamh Miriam Walsh an tacaíocht chuí a chur ar fáil don chúisí agus é faoi choinneáil.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ