Tugadh beirt fhear agus déagóir os comhair Chúirt Dúiche an Inbhir Mhóir i gCo Chill Mhantáin inniu agus cúisimh éagsúla déanta orthu maidir le marú fir i mBré i dtuaisceart an chontae níos túisce i mbliana.
Duine den bheirt fhear, Patrick Fitzpatrick, atá 33 bliain d'aois, tá sé cúisithe i ndúnmharú William Moorehouse a bhfuarthas a chorp i gclós súgartha i mBaile Bhaltraim ar cholbha theas Bhré ar an 19 Eanáir.
An fear eile, James Fell, atá 24 bliain, agus an déagóir, nach bhfuil cead a ainmniú, tá siadsan cúisithe in uirlisí a bheith acu a bhféadfaí díobháil agus foréigean a dhéanamh leo.
Tá Patrick Fitzpatrick agus James Fell ina gcónaí i mBré agus tá an déagóir ina chónaí in dteach cúraim do dhaoine óga.

Cuireadh siar faoi choinneáil Patrick Fitzpatrick agus an déagóir agus tabharfar iad os comhair Chúirt Dúiche Bhré ar nasc físe amárach.
Scaoileadh saor ar bannaí James Fell faoi réir dianchoinníollacha.
36 bliain d'aois a bhí William Moorehouse agus bhí seisear clainne aige.
Bhí sé ina chónaí i Láithreán Stad na Leathghealaí leath bealaigh idir Bré agus na Clocha Liatha.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ