Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an Tánaiste Simon Harris, go mba mhíchuí an mhaise do na Meiriceánaigh é taraifí a ghearradh ar tháirgí cógaisíochta agus iad i mbun margála ag an am céanna leis an Aontas Eorpach faoi chúrsaí trádála.
Tá Coimisinéir Trádála an Aontais Maroš Šefčovič i mbun comhráite le hoifigigh ó Rialtas na Stát Aontaithe in Washington inniu faoina bhfuil i ndán don trádáil thrasatlantach.
Dúirt an Tánaiste gurbh fhearrde cách dá mba le dea-rún a dhéanfaí suíochán ar an gceist agus gan feall a dhéanamh ar iontaoibh lena linn sin.
Thug sé le fios go ndúirt sé an méid sin le Rúnaí Tráchtála Mheiriceá Howard Lutnick sa chruinniú a bhí aige leis in Washington an tseachtain seo caite.
Tá Simon Harris i measc Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh atá tagtha le chéile sa Bhruiséil inniu chun reacht úr trádála an domhain a chíoradh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ