Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Gaisce mór gailf McIlroy á thréaslú leis go forleathan

14 AIBREÁN 2025, 14:25

Rory McIlroy, a iníon Poppy agus a bhean chéile Erica Stoll in Augusta aréir
X Facebook

Tá Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins i measc na gceannairí sa tír seo a bhfuil sárghaisce gailf Rory McIroy tréaslaithe aige leis ó bhuaigh fear Ard Mhic Nasca Craobhchomórtas Máistrí na Stát Aontaithe aréir.

Is tar éis babhta réitigh a fuair McIlroy an ceann is fearr ar an aon iomaitheoir eile a bhí fanta, an Sasanach Justin Rose.

Ó chuaigh an comórtas go deireadh na scríbe bhí a gcroí ina mbéal ag daoine in Éirinn ag breathnú air, agus dúirt an Taoiseach Micheál Martin nach ndéanfaí dearmad go brách ar a raibh bainte amach ag McIlroy dá bharr sin.

Tá an Chaithréim Mhór Gailf beirthe anois ag McIlroy ó bhuaigh sé cheana Craobh Oscailte na Stát Aontaithe, Craobh Oscailte na Breataine agus Craobh Chumann na nGalfairí Gairmiúla.

Fágann sin go bhfuil sé ar dhuine den fhíorbheagán i stair an ghailf a rinne an éacht céanna. Níl ann go deimhin ach ceathrar eile, mar atá, Gene Sarazen (1935), Ben Hogan (1953), Gary Player (1965), Jack Nicklaus (1966) agus Tiger Woods (2000).

Cé go raibh Craobh na Máistrí faoina lámh ag McIlroy blianta eile roimhe seo chlis air fáisceadh uirthi nuair a tháinig an crú ar an tairne.

Ba mhó faoi sheacht dá dheasca sin an faoiseamh agus an gliondar a bhí air nuair a shlog an poll an liathróid chinniúnach in Augusta aréir.

Agus an seaicéad uaine cáiliúil úd á chur air, d'admhaigh McIlroy go raibh imní air nach dtiocfadh an lá go brách.

Dúirt sé go raibh sé ag súil go mór le filleadh ar Éirinn lena raibh gnóthaithe aige a cheiliúradh in éindí lena mhuintir in Ard Mhic Nasca.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ