Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Zelensky ag iarraidh ar Trump cuairt a thabhairt ar an Úcráin

14 AIBREÁN 2025, 16:03

Cuid den scrios a rinneadh i gcathair Sumy in oirthuaisceart na hÚcráine inné
X Facebook

I ráiteas a d'eisigh aireacht cosanta na Rúise, dúradh gur dírithe ar chruinniú d'oifigigh airm a bhí an dá dhiúracán bhalaistíocha a scaoil fórsaí míleata na tíre le cathair Sumy in oirdheisceart na hÚcráine inné.

Más fíor sin, chaithfeadh sé go ndeachaigh na diúracáin ar sceabha mar is 34 sibhialtach, beirt pháistí ina measc, a maraíodh sa ruathar. Gortaíodh 117 duine eile chomh maith.

D'iarr Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky ar Uachtarán Mheiriceá Donald Trump teacht ar cuairt chun na tíre le go bhfeicfeadh sé lena dhá shúil féin an luanscrios atá déanta ag na Rúisigh ann le trí bliana.

I gcruinniú teasaí in Washingon ag deireadh mhí Feabhra, chuir Leas-Uachtarán Mheiriceá JD Vance i leith Zelensky, áfach, go raibh sé de nós aige ceannairí idirnáisiúnta a thabhairt "ar thuras bolscaireachta" timpeall phríomhchathair na hÚcráine, Cív, le dúil cur i gcion orthu tuilleadh tacaíochta a thabhairt don tír.

Ní raibh aon ghlacadh ag Zelensky leis an líomhain sin ag an am agus gheall sé arís aréir nach cur i gcéill ná geamaireacht a bheadh sa bhánú a d'fheicfeadh Trump os a chomhair amach dá dtiocfadh sé ar cuairt ach lomchlár na fírinne.

In ainneoin mhaíomh Trump faoi bheith ina cheann réitigh idir an Úcráin agus an Rúis, samhlaíonn sé gur leath sé a bhrat thar mar ab fhéidir leis a chumhdach, arae níl mórán dul chun cinn déanta go nuige seo sna comhráite idir a ionadaí féin agus ionadaí Uachtarán na Rúise Vladimir Putin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ