Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Gluaisrothaí maraithe i dtionóisc bhóthair i gCo Luimnigh

10 AIBREÁN 2025, 13:19

Ar bhóthar an N69 i gCluain Riasc, Eas Géitine, a tharla an tubaiste
X Facebook

Maraíodh fear sna tríochaidí nuair a d'imigh a ghluaisrothar den bhóthar i gCo Luimnigh tráthnóna inné.

Tharla an tubaiste ar bhóthar an N69 i gCluain Riasc, Eas Géitine, go gairid roimh 8 a chlog.

Bhásaigh an fear ar an mball agus tugadh a chorp go hOspidéal Ollscoile Luimnigh, áit a ndéanfar scrúdú iarbháis air.

Is iad Gardaí an Chaisleáin Nua atá ag fiosrú na tionóisce agus tá siad ag achainí ar dhaoine a bhí sa cheantar ag an am teacht chun cainte leo, go háirithe má tá íomhánnna ó cheamara deaise acu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ