Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Bean tar éis bháis trí lá i ndiaidh tubaiste bóthair

31 MÁRTA 2025, 15:08

Fiosrúchán ar bun ag Gardaí faoi thubaiste bóthair i gCo Chill Chainnigh
X Facebook

Tar éis bháis san ospidéal tá bean sna tríochaidí ar gortaíodh go dona í i dtionóisc bhóthair i gCallainn i gCo Chainnigh Dé hAoine seo caite.

Is amhlaidh a leag gluaisteán an bhean agus í ag siúl ar bhóthar an N76 i nDiméin Chúirt an Fhaoitigh, ar chiumhais thiar thuaidh an bhaile, go gairid roimh 9 a chlog tráthnóna Dé hAoine.

Tugadh an bhean chuig Ospidéal Lúcáis i gcathair Chill Chainnigh, mar ar éag sí ar maidin inniu.

Tá na Gardaí ag achainí ar dhaoine a bhí ag tiomáint i gceantar Dhiméin Chúirt an Fhaoitigh thart ar am na tubaiste teacht chun cainte leo, go háirithe má tá íomhánna ó cheamara deaise acu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ