Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Le Pen ciontaithe in airgead a chúigleáil ó Pharlaimint na hEorpa

31 MÁRTA 2025, 14:44

Marine Le Pen
X Facebook

Rialaigh cúirt sa Fhrainc cosc a chur ar an bpolaiteoir den eite dheis Marine Le Pen a hainm a chur chun cinn i dtoghcháin sa tír sin ar feadh cúig bliana.

Fágann rialú na cúirte nach mbeidh cead aici a bheith ina hiarrthóir i dtoghchán uachtaránachta na Fraince in 2027, mar a bhí ar intinn aici.

Chiontaigh an chúirt Marine Le Pen in airgead a chúigleáil ó Pharlaimint na hEorpa ar son a páirtí, Rassemblement National.

Dúradh gur bhain sí féin agus ochtar eile mí-úsáid as costais na parlaiminte le daoine a íoc as obair a dhéanamh ar son an pháirtí sin seachas mar chúntóirí parlaiminte. €2.9 milliún an tsuim iomlán a bhí i gceist, a dúradh.

Ciontaíodh dháréag eile as coir a cheilt.

Chomh maith leis an toirmeasc toghchán, gearradh ceithre bliana príosúin ar Marine Le Pen.

Cé ea, cuireadh ar fionraí dhá bhliain den téarma sin agus ordaíodh di clib leictreonach a chaitheamh ar feadh an dá bhliain eile i leaba dul sa phríosún.

Gearradh fíneáil €100,000 ar Marine Le Pen leis.

Thug sí le fios go raibh rún aici achomharc a dhéanamh in aghaidh rialú na cúirte.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ