Tá fianaise ann go bhfuil líon suntasach daoine a bhfuil tearmann idirnáisiúnta á lorg acu i bPoblacht na hÉireann, gur ag teacht isteach sa Stát ón Tuaisceart atá siad, dar leis an Aire Dlí agus Cirt Jim O'Callaghan.
Ag labhairt i Londain a bhí an tAire, áit a bhfuil sé ag freastal ar chruinniú mullaigh dhá lá maidir leis an dlúthbhaint atá ag dronga coireachta eagraithe le cúrsaí imirce.
Dúirt Jim O'Callaghan go raibh sé tábhachtach a chinntiú gur sa chéad tír a dtagann siad chuici a dhéanann inimircigh iarratas ar thearmann.
Mar sin féin, arsa sé, ní mór a chur san áireamh gur daoine leochaileacha iad roinnt iarrthóirí ar thearmann ar tháinig coirpigh i dtír orthu.
Thug an tAire le fios go raibh Éire mionnaithe comhoibriú le ballstáit eile an Aontais Eorpaigh agus leis na húdaráis sa Bhreatain chun inimirce mhídhleathach a chosc agus líonraí na gcoirpeach atá freagrach as a bhaint ó chéile.
Tá thart ar 40 tír páirteach sa chruinniú mullaigh i Londain.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ