Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

11.5 bliain príosúin gearrtha ar fhear óg as dúnmharú

31 MÁRTA 2025, 16:17

Thomas Dooley a maraíodh i dTrá Lí i mí Dheireadh Fómhair 2022
X Facebook

Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil i gCorcaigh, gearradh aon bhliain déag príosúin ar fhear naoi mbliana déag d'aois as Thomas Dooley a dhúnmharú i gCo Chiarraí dhá bhliain go leith ó shin.

Cuireadh na trí bliana dheireanacha den téarma príosúin ar fionraí.

Is i mí Iúil anuraidh a ciontaíodh an fear sa dúnmharú ach níor gearradh pianbhreith air ag an am mar go rabhthas ag fanacht le rialú ón gCúirt Uachtarach a bhain le hábhar.

Rialaigh an Chúirt Uachtarach ó shin nach ceart príosún saoil a ghearradh ar dhuine faoi ocht mbliana déag a chiontaítear i ndúnmharú, ach amháin i gcúinsí eisceachtúla agus nuair is léir gur le meon duine fásta a rinneadh an choir.

Seacht mbliana déag a bhí an té ar gearradh pianbhreith air inniu nuair a dúnmharaíodh Thomas Dooley.

Ní féidir a ainm a fhoilsiú fós cé go bhfuil sé naoi mbliana déag anois.

Maraíodh Thomas Dooley, a bhí 42 bliain d'aois, nuair a thug buíon fear fogha faoi le reanna agus faobhair i reilig i dTrá Lí ar an 5 Deireadh Fómhair 2022.

Bhí Thomas Dooley agus a bhean chéile Siobhán ag freastal ar shochraid sa reilig ag an am. Gortaíodh Siobhán Dooley go dona san ionsaí.

Ciontaíodh cúigear fear eile anuraidh sa dúnmharú, ar daoine muinteartha le Thomas Dooley iad ar fad, lena n-áirítear a dheartháir.

Dúradh sa triail gur ionsaí díoltais a bhí ann tar éis d'iníon le Thomas Dooley scaradh le duine den chúigear.

Dúirt an Breitheamh Mary Ellen Ring sa chúirt inniu gurbh é ba dhóichí gur dhaoine níos sine ná an té ar gearradh pianbhreith air inniu a bheartaigh an t-ionsaí.

Chuir sí san áireamh freisin, a dúirt sí, gur léir go raibh an-aiféala go deo ar an bhfear óg faoina raibh déanta aige.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ